Skip links

CÚPLA POINTE EOLAIS

BUNEOLAS AR GHEOLAÍOCHT

Na cineálacha carraigeacha

Tá 3 chineál carraigeacha ann: bruthcharraig, carraig dhríodair agus carraig mheiteamorfach. Déantar iad go léir a fhoirmiú i mbealaí difriúla agus tá tréithe difriúla acu a dhéanann iad a shainmhíniú sna 3 chineál carraigeacha. Má tá a fhios againn gur bhruthcharraig, carraig dhríodair nó carraig mheiteamorfach atá ann, tugann sé sin níos mó eolais dúinn maidir leis an gcaoi ar foirmíodh í. Is féidir gach ceann de na 3 chineál carraigeacha a nascadh ag an timthriall carraigeacha.

Le haghaidh eolas breise maidir le carraigeacha agus an timthriall carraigeacha, tabhair cuairt ar suíomh gréasáin Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann.

Bruthcharraigeacha

Déantar bruthcharraigeacha a fhoirmiú nuair a fhuaraíonn carraig leachtach the, ar a dtugtar magma. Nuair a fhuaraíonn an magma thíos faoi dhromchla an Domhain, fuaraíonn sé go mall chun criostail mhóra a fhoirmiú, agus tugtar bruthcharraig ionsáite air m.sh. eibhear. Nuair a shroicheann magma dromchla an Domhain trí bholcán, tugtar laibhe air agus fuaraíonn sé go tapa agus bíonn criostail bheaga ann. Tugtar bruthcharraig easbhrúite ar na carraigeacha a fhoirmítear tríd an bpróiseas seo, m.sh. basalt.

Carraigeacha Dríodair

Déantar carraigeacha dríodair a fhoirmiú nuair a mhéadaíonn cáithníní beaga, a dtugtar dríodair orthu, thar thréimhse ama, sraith ar shraith, agus de bharr brú forshrathnaithe, déantar iad a chomhbhrú agus a dhaingniú le chéile, go dtí go bhfoirmítear carraig chomhdhlúite.

Is féidir leis na cáithníní bheith ina n-ábhar a thagann ó charraigeacha mar thoradh ar shíonchaitheamh agus creimeadh. Déantar na cáithníní dríodair a bhíonn ann mar thoradh air sin a aistriú trí mhodhanna éagsúla (m.sh. abhainn, oighearshruth, domhantarraingt), agus déantar iad a shil-leagan ar deireadh ina sraitheanna sula gcuirtear iad agus go ndéantar carraig dhríodair astu.

Is féidir leis na cáithníní bheith mar iarsmaí orgánach muirí ársa atá cruachta thar am agus daingnithe chun carraigeacha a fhoirmiú, amhail aolchloch agus cailc.

Carraigeacha Meiteamorfacha

Is carraigeacha iad carraigeacha meiteamorfacha a athraíodh de bharr teasa agus brú. Nuair a bhíonn bruthcharraigeacha, carraigeacha dríodair nó fiú carraigeacha meiteamorfacha eile faoi theas ard agus faoi bhrú, athrófar a bhfoirm agus déanfar carraig nua a fhoirmiú. Ní dhéanann an próiseas an charraig a leá, ach athraíonn sé comhdhéanamh na carraige trí mhianraí nua a fhoirmiú, ón teas agus ón mbrú, ó na mianraí a bhí sa charraig cheana féin.

Tugtar meiteamorfacht nó claochlú ar an athrú seo sa charraig, agus is carraig mheiteamorfach anois atá ann. Mar shampla, athraíonn aolchloch go marmar, gaineamhchloch go grianchloichít, láibchloch go slinn agus is féidir le heibhear athrú go naghas. Déantar tagairt don bhuncharraig, m.sh. aolchloch, gaineamhchloch, láibchloch nó eibhear, mar an mháthaircharraig. Is minic a bhíonn na criostail i gcarraigeacha meiteamorfacha ailínithe i dtreo áirithe, a léiríonn treo an bhrú faoina raibh an charraig. Tugtar duilliú air seo.

Tarlaíonn meiteamorfacht go minic mar fhreagairt ar ghníomhaíocht theicteonach ard, mar shampla, imbhualadh dhá phláta, nuair a bhíonn pláta amháin fodhuchtaithe thíos faoi cheann eile, nó nuair a bhuaileann an dá phláta in aghaidh a chéile, déanann siad filleadh in airde agus déantar sléibhte a fhoirmiú.

Struchtúr an Domhain: Croí, Maintlín, Screamh

Tá an domhan comhdhéanta de thrí scair dhifriúla: an screamh, an maintlín agus an croí.

An Screamh
Is é seo scair uachtair an domhain agus tá sí déanta as dlúthcharraig. Is iondúil go mbíonn sí déanta as dhá bhruthcharraig: basalt agus eibhear. Tá dhá chineál screimhe ann; aigéanach agus ilchríochach. Bíonn screamh aigéanach níos dlúithe agus níos tanaí, agus bíonn sé déanta den chuid is mó as an mbruthcharraig mhafach, basalt. Ní bhíonn screamh ilchríochach chomh dlúth, bíonn sé níos tibhe, agus déanta den chuid is mó as an mbruthcharraig fheilseach, eibhear.

An Maintlín
Luíonn an maintlín thíos faoin screamh agus bíonn sé suas le 2900 km tiubh. Tá sé comhdhéanta de dhlúthcharraig the, dhlúth, atá lán le hiarann agus maignéisiam. Comhdhéanann an screamh agus an chuid uachtarach den mhaintlín an litisféar, atá briste ina bplátaí, idir mhór agus bheag. Ligeann staid leath-sholadach/leath-leáite an astanaisféir do na plátaí teicteonacha thuas gluaiseacht, de bharr na ngnáthshruthanna laistigh.

An Croí
Is é an croí lár an domhain agus tá sé comhdhéanta as dhá chuid: an croí amuigh leachtach agus an dlúthchroí istigh. Tá an croí amuigh déanta as nicil, iarann agus carraig leáite. Is féidir le teochtaí anseo bheith suas le 50,000°C.

Teicteonaic Phlátaí

Tá screamh an Domhain agus an maintlín uachtair briste i mórán plátaí, a dtugtar plátaí teicteonacha orthu, agus tá siad cosúil le píosaí de mhíreanna mearaí. Tá seacht mórphláta ann: an pláta Eoráiseach, pláta Mheiriceá Thuaidh, pláta an Aigéin Chiúin, pláta Mheiriceá Theas, an pláta Antartach, an pláta Indiach Astrálach agus an pláta Afracach.

Bíonn na plátaí teicteonacha faoi shiúl, agus ceaptar go bhfuil siad ag gluaiseacht ó thréimhse an-luath i stair an Domhain. Is de bharr ghluaiseacht na bplátaí i.e. teicteonaic phlátaí, go mbíonn feiniméin in áiteanna áirithe den domhan, amhail bolcáin, crith talún agus súnámaithe.

Tugtar teorainneacha plátaí ar na háiteanna ina mbuailtear na plátaí le chéile. Tá trí chineálacha de theorainnacha plátaí ann:

Teorainneacha plátaí dibhéirseacha nó déanmhasacha

Dibhéirsíonn na plátaí, i.e. bogann siad amach óna chéile, agus dá bharr sin, déantar carraig nua a fhoirmiú. Tarlaíonn sé seo nuair a tharraingíonn dhá phláta teicteonacha óna chéile, ardaíonn an maintlín tríd an oscailt, agus déantar carraig nua a fhoirmiú nuair a fhuaraíonn sé. Seo an chaoi a ndéantar aigéin nua a fhoirmiú. Ag scaipeadh, leanann dibhéirsiú an dá phláta ag an droim láraigéanach fad atá an t-aigéan ag oscailt. Sampla de seo is ea Droim an Atlantaigh Láir; thosaigh an tAigéan Atlantach ag foirmiú nuair a rinne pláta Mheiriceá Thuaidh agus an pláta Eoráiseach dibhéirsiú óna chéile agus rinneadh ábhar nua a fhoirmiú ag an droim láraigéanach eatarthu.

Teorainneacha plátaí coinbhéirseacha nó scriosacha

Déanann na plátaí coinbhéirsiú, i.e. bogann siad i dtreo a chéile, agus buaileann siad in aghaidh a chéile. Braitheann an toradh ar an gcineál plátaí atá i gceist. Is féidir le dhá phláta aigéanach bualadh in aghaidh a chéile, pláta aigéanach agus pláta ilchríochach nó dhá phláta ilchríochacha. Is sampla iad na Himiléithe de dhá phláta ilchríochacha ag bualadh in aghaidh a chéile. Tá an pláta Indiach ag bualadh in aghaidh an phláta Eoráisigh agus á bhrú suas. Tá siad ag fás de shíor ar mheánráta 1cm in aghaidh na bliana, beidh sé seo ag 10km i gceann 1 mhilliún bliain. Sa gheolaíocht, tugtar oraigineas ar an bpróiseas tógála sléibhte (ón bhfocal Gréigise do shliabh).

Teorainneacha plátaí éighníomhacha (a dtugtar teorainneacha sciorrtha treoíochta nó claochlúchláin orthu chomh maith)

Sleamhnaíonn na plátaí thar a chéile. Nuair a bhogann na plátaí, téann imeallacha eangacha an phláta i bhfostú agus beireann siad ar a chéile. Is féidir leis na plátaí éirí sáinnithe agus cruthaíonn sé ardú brú. Nuair a théann na plátaí thar a chéile faoi dheireadh, scaoiltear an brú go tobann i bhfoirm creatha talún. Is féidir le gluaiseacht an dá phláta bheith i dtreonna codarsnacha nó sa treo céanna ach ar luasanna difriúla. Is sampla den dara ceann é Éasc San Andreas in California, SAM.

Timthriall Wilson (Aigéanacha ag oscailt agus ag dúnadh)

Is samhail de theicteonaic phlátaí é Timthriall Wilson a oibríonn thar thréimhse an-fhada d’am geolaíoch agus tugann sé míniú ar oscailt agus ar dhúnadh na n-aigéan. Bristear suas ilchríocha, mar thoradh ar scoilteadh, agus dibhéirsíonn siad óna chéile, agus déantar aigéan nua a fhoirmiú. Faoi dheireadh, ní féidir leis an aigéan oscailt a thuilleadh, agus tosaíonn an dá phláta ag coinbhéirsiú i dtreo a chéile, agus mar thoradh air sin, dúnann an t-aigéan a bhí díreach cruthaithe.

By Fabirichter - Own work, CC BY-SA 4.0

Am Geolaíoch

Tá sé an-deacair am geolaíoch a shamhlú. Tá an Domhan tuairim is 4.5 billiún (4500000000) bliain d’aois. Tá an tréimhse fhada ama seo briste suas ag geolaithe i roinnt tréimhsí ama níos lú. Is minic a bhíonn na tréimhsí seo ag an am céanna le mórimeachtaí geolaíocha agus léiríonn siad athruithe i gcineálacha carraigeacha, olldíothú speiceas plandaí agus ainmhithe, agus athruithe san aeráid. Tugtar an colún stratagrafach air seo agus is é a úsáideann geolaithe, pailé-ointeolaithe agus mórán domhaneolaithe eile chun am geolaíoch a thuiscint agus a léiriú agus chun dáta a chur le himeachtaí stairiúla áirithe an Domhain. Baineann sé le stratagrafaíocht (scaireanna carraige) agus is féidir féachaint air mar chroí carraige tógtha ón Domhan, leis an gcarraig is sine ag an mbun agus an charraig is óige ag an mbarr. Is dócha gurb í an léaráid ar dheis an colún stratagrafach is mó a úsáidtear.

 

Aimsíodh aoiseanna na gcarraigeacha den chéad uair trí dhátú coibhneasta. Déanann dátú coibhneasta amach an t-ord coibhneasta a bhain le himeachtaí san am atá caite, trí chomparáid a dhéanamh idir aois réad amháin agus réad eile. Déanann sé amach cén ait in amscála a oireann réad, gan a aois shonrach a aimsiú, i.e. is féidir a rá go bhfuil carraig amháin níos sine ná an ceann eile. Tá cúpla modh um dhátú coibhneasta ann, mar staidéar a dhéanamh ar an stratagrafaíocht (staidéar ar ord na gcarraigeacha) agus trasdátú. Bíonn an éifeacht is mó ag baint le staidéar ar stratagrafaíocht chun carraigeacha dríodair a dhátú. Má tá na scaireanna carraige fágtha mar a bhí, glacann tú le haois choibhneasta na carraige mar an ceann is sine ag an mbun agus an ceann is óige ag an mbarr. Baineann trasdátú úsáid as iontaisí chun aois choibhneasta charraige a dhéanamh amach. Fuarthas iarsmaí iontaisí i gcarraigeacha de gach aois, leis na horgánaigh is simplí aimsithe sna carraigeacha is sine, dá bhrí sin, is é is bunúsaí an t-orgánach, is sine is ea an charraig. Tá roinnt míbhuntáistí bainteach le húsáid dátaithe coibhneasta, amhail:

  • Ní thugann sé aois iarbhír na carraige i mblianta.
  • Is féidir le fórsaí seachtracha ó theicteonaic phlátaí nó creimeadh sraith na carraige a athrú
  • De bharr bearnaí móra i bhfaisnéis gheolaíochta is féidir le dátú bheith deacair.

 

Tá aois an Domhain measta ag baint úsáide as dátú radaiméadrach. Is é dátú radaiméadrach an príomhbhealach chun dearbhdhátú a dhéanamh, nuair a dhéanann tú dearbhaois agus aois iarbhír réada a aimsiú. Déantar é seo trí úsáid a bhaint as leathré iseatóp radaighníomhach adaimh faoi leith a fuarthas i mianraí na gcarraigeacha. Is é leathré an iseatóip an t-am a thógtar chun leath de na hadaimh éagobhsaí (radaighníomhacha) a mheath go hadamh cobhsaí, mar shampla, is é leathré úráiniam 4.46 billiún bliain! Ciallaíonn sé seo dá mbeadh 10g úráiniam agat, go dtógfadh sé 4.46 billiún bliain chun 5g de a mheath go luaidhe. Ag baint úsáide as cóimheas an úráiniam le luaidhe mar shampla, is é is sine an charraig, is ísle an cóimheas úráiniam le luaidhe. Beidh cion ard úráiniam agus cion íseal luaidhe ag carraigeacha óga, agus beidh cion íseal úráiniam agus cion ard luaidhe ag seancharraigeacha. Trí staidéar a dhéanamh ar chomhshuíomh ceimiceach carraige agus eolas ar leathré na n-iseatóp radaighníomhach i láthair, is féidir linn aois na carraige i mblianta a dhéanamh amach.

Cén chaoi a ndéanann tú mapa geolaíochta a léamh?

Léiríonn na dathanna éagsúla ar mapa geolaíochta na cineálacha difriúla carraige a aimsíodh laistigh den limistéar sin. I ngeopháirc (roimh aitheantas) Dhúiche Sheoigheach agus Lochanna an Iarthair, tá na trí grúpa carraigeacha go léir ann - bruthcharraig, carraig dhríodair agus carraig mheiteamorfach: léiríonn dearg eibhear (bruthcharraig), léiríonn gorm aolchloch (carraig dhríodair), agus léiríonn béasa grianchloichít, marmar agus siosta (iad go léir meiteamorfach). Cé gur limistéar casta geolaíochta é an gheopháirc roimh aitheantas (sin a dhéanann suntasach go hidirnáisiúnta í!), is féidir le geolaithe úsáid a bhaint as leideanna mar bhruth-ionsánna chun cuidiú leo carraigeacha a dhátú agus tuairim a fháil maidir le cén uair ar foirmíodh iad. Mar shampla, caithfidh go raibh an charraig ina fhaightear na bruth-ionsánna ann ar dtús ionas go bhféadfaidís brú isteach iontu. Is éisc iad na gnéithe eile a fheictear ar an mapa, arna léiriú mar línte dubha, agus is bristeacha iad le díláithriú suntasach ar an dá thaobh díobh, agus na suíomhanna spéise, arna sonrú anseo.

Ag feiceáil trí na carraigeacha

Bealach eile le cur síos a dhéanamh ar an ngeolaíocht áitiúil ná féachaint air sa chuid seo; i.e. léiriú ar scaireanna éagsúla carraigeacha cruachta ar a chéile go ceartingearach. Tá siad seo tógtha a bhuíoch le croíthe na gcarraigeacha atá druileáilte ar feadh na gcéadta méadar agus línte eile fianaise ar bharr an mhapa dromchla geolaíche thuas agus cuidíonn siad le tuiscint a fháil ar struchtúr an tírdhreacha agus na teagmhálacha idir na cineálacha éagsúla carraigeacha. Ligeann siad seo go léir dúinn scéal geolaíochta réigiúin a atógáil.

GA