Skip links

ÁBHAR SUIME

TUAR MHIC ÉADAIGH, CO MHAIGH EO

Baile Gaeltachta i ndeisceart Cho. Mhaigh Eo is ea Tuar Mhic Éadaigh (Béarla: Tourmakeady).

Baile Gaeltachta i ndeisceart Cho. Mhaigh Eo is ea Tuar Mhic Éadaigh (Béarla: Tourmakeady). Tá an baile suite idir bhruach Loch Measca agus sléibhte Partraí. Bhí daonra 1,007 ag Tuar Mhic Éadaigh i nDaonáireamh 2011. Seo ainm an tsráidbhaile is mó sa cheantar.

Baile Gaeltachta i ndeisceart Cho. Mhaigh Eo is ea Tuar Mhic Éadaigh (Béarla: Tourmakeady). Tá an baile suite idir bhruach Loch Measca agus sléibhte Partraí. Bhí daonra 1,007 ag Tuar Mhic Éadaigh i nDaonáireamh 2011. Seo ainm an tsráidbhaile is mó sa cheantar.

Tá eas cáiliúil Thuar Mhic Éadaigh suite i gCoill Mhílaoise Thuar Mhic Éadaigh, de chuid Coillte. Cuireadh crainn dhúchasacha in áit coill bhuaircíneach 35 heicteár in 1999. Tá samplaí maithe de na cineálacha crann agus ainmhithe san fhorais ar fáil anseo.

Ón nGorta mór in 1840 ar aghaidh, tá ráta imirce Thuar Mhic Éadaigh ard go leor. Tagann muintir na ndaoine a ndeachaigh ar imirce ar ais gach bliain chun foghlaim faoina bhfréamhacha. Rinneadh digitiú ar thaifid ghinealaigh an cheantair agus coinnítear iad ag an Ionad Taighde Teaghlaigh do Mhaigh Eo Theas i mBaile an Róba.

In 1905, bhunaigh Conradh na Gaeilge a chéad choláiste samhraidh i dTuar Mhic Éadaigh, Coláiste Chonnacht. D’éirigh leis an gcoláiste scoláirí a mhealladh chun Gaeilge a fhoghlaim. Ach de bharr easaontais idir an Conradh agus Ardeaspaig Thuama, shéan an Conradh an coláiste agus druideadh an coláiste in 1909 mar gur aistríodh an príomhcholáiste go dtí an Spidéal an bhliain sin.

Ar an 3 Bealtaine 1921, rinne colún móibíleach de 30 fear ó Mhaigh Eo Theas d’Óglaigh na hÉireann i dteannta cúpla fear ó Mhaigh Eo Thoir luíochán ag Tuar Mhic Éadaigh. Scríobh Donal Buckley faoi eachtraí an lae sin in ‘the Battle of Tourmakeady: Fact or Fiction. A study of the IRA ambush and its aftermath’.

Chónaigh an t-aisteoir Sasanach Robert Shaw, a bhfuil cáil air as ucht a rólanna in From Russia with Love, Jaws agus The Sting, i dTeach Droim Bán, i dTuar Mhich Éadaigh go dtí gur cailleadh é in 1978.

Tuilleadh eolais: http://www.tourmakeady.com/

Annual Events

GA