Skip links

CEISTEANNA COITIANTA

Na Ceisteanna Is Coitianta
An Bhfuil Ceist Agat Fós? Déan Teagmháil Linn

Páistí scoile ó Scoil Náisiúnta Chluain Luifin, in aice le Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo, a chuir na ceisteanna thíos ar an Gheolaí Geopháirce i mí Feabhra 2020.

Cá mhéad acra/heicteár de charraig atá sa tionscadal Geopháirce?

Clúdaíonn an tionscadal reatha achar de thart ar 1500 km2 atá cothrom le thart ar 150,000 h nó thart ar 370,000 acra.

Cad iad na hainmhithe atá sa gheopháirc? An gcabhróidh an tionscadal Geopháirce le hainmhithe atá i gcontúirt? An úsáidtear spraeanna sa Gheopháirc a chuirfeadh ainmhithe i gcontúirt? An gcuirfidh sibh suas boscaí ialtóg sa Gheopháirc?

Tá éagsúlacht mhór ainmhithe sa gheopháirc. Ar na cinn is coitianta tá caoirigh agus eallach ceansaithe ach chomh maith leis sin tá mórán ainmhithe fiáine ina gcónaí anseo. Feicfidh tú cuid mhór mamaigh bheaga (mar shampla, broic, cait chrainn, ioraí, etc…) agus éin i bhfálta sceach agus i gcoillearnach go háirithe. Tá cuid acu faoi chosaint amhail an chrú-ialtóg agus cuid mhór faoileán agus geabhróg a neadaíonn in oileáin sna lochanna. Sna haibhneacha agus sna lochanna maireann cuid mhór speiceas d’iasc (bric, bradáin, liúis) chomh maith le madraí uisce.

Ní hé cuspóir sonrach geopháirce ainmhithe i gcontúirt a chosaint mar ní thugann an sonrú rialacháin nua chuig an réigiún. Mar sin féin, bheadh foireann bhainistíochta na geopháirce breá sásta tacú le bearta agus bearta a chur chun cinn ag grúpaí mar scoileanna agus cumainn a leagann amach bearta, polasaithe agus infreastruchtúr a chuideodh le bithéagsúlacht na háite; amhail boscaí ialtóg a chur suas nó teorainn a chur le húsáid spraeanna a dhéanann dochar do phailneoirí. Chaithfí na bearta seo uile a dhearadh agus a chur i bhfeidhm le comhaontú an phobail áitiúil.

Cá huair a mheasann tú a bheidh sí ina Geopháirc dhearbhaithe?

Tá rún againn an t-iarratas a chur faoi bhráid UNESCO faoi dheireadh 2021. Glacfaidh an measúnú, lena n-áirítear measúnóirí idirnáisiúnta teacht ar cuairt, thart ar 18 mí agus mar sin táimid ag dréim faoi láthair le bheith inár nGeopháirc Dhomhanda UNESCO sa dara leath de 2023.

Cé mhéad Geopháirc atá in Éirinn agus san Eoraip?

Faoi láthair tá corradh le 160 geopháirc ar fud na cruinne agus tá 75 díobh sin san Eoraip agus 3 cinn in Éirinn:

Cad é an difear a bheidh idir ár nGeopháirc agus Geopháirceanna eile?

Tá de bhuntáiste mór ag ár nGeopháirc dhá thírdhreach an-difriúil a bheith aici de cheantair shléibhe i nDúiche Sheoigheach agus d’ísealchríocha Lochanna an Iarthair. Tá an chontrárthacht seo ag teacht le geo-éagsúlacht shaibhir nó le réimse leathan de chineálacha carraige (amhail aolchloch, gaineamhchloch, grianchloichít, marmar agus comhcheirtleán) lena n-insítear stair an-fhada gheolaíochta de níos mó ná 700 milliún bliain. Tá an t-aon Fhiord in Éirinn againn inár réigiún agus lomáin Mharmar Chonamara a bhfuil clú domhanda air, chomh maith leis an bhfuarán is tapa sa domhan i gConga agus ag Loch Ceara tá ceann den fhíorbheagán lochanna Marla atá fós ann.

Ar a bharr sin, mar gheall ar an chontrárthacht seo, tá réimse de ghnáthóga timpeallachta ag ár ngeopháirc do mhórán speiceas de phlandaí agus ainmhithe agus de chleachtais éagsúla talmhaíochta agus deiseanna do ghníomhaíochtaí faoin spéir.

Mar fhocal scoir, is í ár ngeopháirc an t-aon cheann atá lonnaithe i gceantar Gaeltachta, rud a thugann seans dúinn tacú leis an teanga agus í a úsáid sna háiseanna oideachais s’againn.

Cad é an ghné is sine den Gheopháirc?

Múnlaíodh na carraigeacha is sine sa gheopháirc thart ar 700 milliún bliain ó shin mar dhríodair de mhéideanna éagsúla (gaineamh, gairbhéal, láib) carntha in uiscí tanaí nó in uiscí cois farraigí nuair a d’oscail Aigéan ársa. Rinneadh carraigeacha dríodair de na fosuithe sin agus mar gheall ar theas agus brú ollmhór ina dhiaidh sin mheiteamorfaigh nó chlaochlaigh siad go ndearnadh carraigeacha eile díobh amhail Grianchloichít, Siosta agus Marmar. Tá na carraigeacha sin le feiceáil againn anois i sléibhte Chonamara ó Inis Bó Finne go Binn Shléibhe agus Beanna Beola s' Sléibhte Mhám Toirc.

Cén fáth a mheasann tú ba chóir don cheantar seo cáiliú mar Gheopháirc?

Is áit ar leith ár gceantar mar gheall ar a réimse de ghnéithe geolaíochta agus tírdhreacha chomh maith lena chineálacha carraige. Chomh maith leis sin, is furasta an mhórchuid díobh a fheiceáil agus a aithint ó na bóithre nó i gceantair atá inrochtana go héasca ag an bpobal, mar shampla foraoisí de chuid Coillte agus taobhanna locha. Fágann sé sin gur áit fhoirfe ár réigiún le foghlaim faoin Gheolaíocht agus faoin Tíreolaíocht.

Agus ar a bharr sin uile, mar gheall ar an éagsúlacht sa tírdhreach agus ar chultúr saibhir stairiúil agus reatha an cheantair is scoth áite é le cuairt a thabhairt air agus seal tamaill a chaitheamh ann.

Cad a tharlódh dá mba le duine talamh san áit?

Ní tharlódh rud ar bith mura mbeadh an t-úinéir ag iarraidh go dtarlódh rud éigin. Le geopháirc ní bhíonn rialacha ná rialacháin breise ar bith ann ach na cinn atá ann cheana ag leibhéal náisiúnta nó leibhéal áitiúil. Níl i gceist le cruthú geopháirce ach bealach le lipéad a chur ar cheantar mar gheall ar a gheolaíocht, a thírdhreach, a thimpeallacht, á tháirgí bia, a cheirdeanna agus a chultúr. Maireann daoine, bíonn siad ag feirmeoireacht, ag obair, ag dul ar scoil, ag bunú comhlachtaí nua agus ag déanamh tithe agus infreastruchtúr i ngeopháirc.

Ach d’fhéadfadh duine a bhfuil talamh aige sa gheopháirc a shocrú go dtapóidh sé an deis le roinnt gníomhaíochtaí a fhorbairt le haghaidh grúpaí turasóireachta nó scoile nó branda na geopháirce a úsáid chun cabhrú leis a chuid táirgí a dhíol.

An féidir le Geopháirc stad de bheith ina Geopháirc?

Is féidir. Nuair a éiríonn le hiarratas, an áit atá ag iarraidh a bheith ina gheopháirc déantar Geopháirc Dhomhanda UNESCO (GDE) de. I ndiaidh ceithre bliana, caithfear athbhailíochtú a dhéanamh ar gach GDE agus tarlaíonn an próiseas céanna a tharla nuair a rinneadh an chéad iarratas. Cinntíonn sé sin go bhfuil caighdeán idirnáisiúnta cáilíochta ann do gheopháirceanna agus gur tionscadal beo atá ag forbairt geopháirc a fhad agus a mhairfidh sí.

I do bharúil féin, cad é an chuid den Gheopháirc is mó a mbeadh cuairt tugtha air, ag deireadh na bliana seo?

Is ceist chrua é seo do gheolaí do cheantar chomh saibhir sin. Is é an bharúil s’agamsa gurb ionann an áit is mó a dtabharfaí cuairt air agus na cinn a dtugtar cuairt orthu faoi láthair mar Chonga agus an Líonán san áit a dtabharfadh an gheopháirc a lán eolais do na cuairteoirí faoin gcomhthéacs níos leithne geolaíochta. Ach bhainfeadh ceantair eile tairbhe as obair thionscadal geopháirc, mar shampla ceantar Fhionnaithe, áit a bhfaighimid fosú de laibhe adhartach atá an-annamh agus an-fhurasta a fheiceáil ansin.

An gcosnaíonn sé airgead dul isteach sa Gheopháirc? An féidir leat go díreach siúl isteach?

Tríd is tríd ní páirc í an Gheopháirc, níl ann ach réigiún a bhfuil ainm ar leith aige, amhail Conamara nó Cuan Mó. Tá daoine ina gcónaí agus ag obair ann, tá bailte ann agus bóithre poiblí agus ar an ábhar sin ní chosnaíonn sé pingin dul isteach ann.

Mar sin féin, ní chiallaíonn sé sin gur féidir leat go díreach dul isteach ar thalamh duine éigin. Mar a tharlaíonn i réigiún ar bith eile in Éirinn, bíonn meas iomlán ar réadmhaoin phríobháideach daoine agus ní féidir le cuairteoirí an talamh a shiúl gan cead a fháil roimhe ó úinéir an talaimh.

Bileoigín Eolais

Tá bileoigín forbartha againn le príomhphointí faoi cad é atá / nach bhfuil, a bheidh / nach mbeidh ná a bheidh / nach mbeidh go deo i gceist le geopháirc le cuidiú eolas a thabhairt maidir le deiseanna agus míthuiscintí a shoiléiriú. Tá a fhios againn go dtuigeann go leor sa réigiún coincheap na geopháirce, cé nach bhfuil a fhios ag a lán faoi, agus níor chuala go leor acu faoin moladh fiú. D’fhéadfadh go mbeadh daoine ann agus an léamh contráilte acu air. Tá súil againn go gcuirfidh sé ar an eolas thú.

AN BHFUIL CEIST AGAT FÓS? DÉAN TEAGMHÁIL LINN
GA