Skip links

AN TÍRDHREACH – CARST

TÍRDHREACH DHÚICHE SHEOIGHEACH

TÍRDHREACH CARSTACH

Bhí mórchríoch na hÉireann tógtha os cionn leibhéal na mara ar feadh tréimhse fhada, rud a chiallaíonn nár sil-leagadh ach giota beag dríodair, agus go raibh an bhuncharraig nocht á creimeadh go forleathan. Is soiléir é seo nuair a amharcann muid ar an bhuncharraig aolchloiche agus an tírdhreach carstach. Déantar aolchloch as cailcít go príomha, mianra a thuaslagtar in uisce fearthainne mar gheall go bhfuil sé giota beag aigéadach. Nuair a thiteann fearthainn ar aolchloch, bailíonn sí agus tosaíonn ag rith le fána, cosúil le dromchla ar bith eile, creimeann sí poill sa bhuncharraig de réir a chéile, ar a dtugtar slogaidí. De réir mar a thuaslagtar an charraig, bailítear uisce agus ritheann sé thíos faoin talamh, áit a mbuaileann sé leis an mhaoschlár, atá ceangailte le leibhéal na mara, ina líontar gach spás sa bhuncharraig le huisce bodhar.

Tagann an screamhuisce ar ais chuig an dromchla mar thoibreacha, corruair, mar gheall ar an topagrafaíocht áitiúil. Dá fhad a bhaineann uisce don bhuncharraig, is amhlaidh is mó a bhíonn na slogaidí agus na háiléir. Nuair a thiteann an maoschlár mar gheall ar thitim i leibhéal na mara, gearrann an sruth faoi thalamh bealach níos faide síos agus déantar uaimh oscailte den áit ar ghnách leis rith. Titeann uisce fearthainne go hingearach ón talamh sna huaimheanna seo go fóill, agus é ag iompar cuid den chailcít atá tuaslagtha ann. Frasaíonn an chailcít seo chun túir chailcíte a chruthú; aolchuisní, a chrochann ó shíleáil na n-uaimheanna agus aolchoinnle, a fhrasaíonn suas ón talamh.

Tá sé feicthe againn anois an dóigh a raibh codanna móra d’aolchloch na hÉireann creimthe agus nochta don tsíon ag an Oighearaois dheireanach. Mar sin féin, tá an chuid is mó de thírdhreach carstach na hÉireann forbartha i bhfad níos mó ná a ligfeadh an méid creimthe le 11,700 bliain anuas. Déanta na fírinne, léiríonn fairsinge an tírdhreacha charstaigh go bhfuil sé i bhfad níos sine ná 11,700 bliain, agus go raibh sé ann roimh na hOighearaosieanna a thosaigh breis agus milliún bliain ó shin in Éirinn. Léiríonn roinnt dríodar a fhaightear in uaimheanna timpeall na hÉireann é seo, a théann siar 35 milliún bliain chuig an Phailéigéin. Tá a lán gnéithe carstacha le feiceáil agus le fáil i leath thoir réigiún thionscadal na geopháirce s’againn, go háirithe thart ar Chonga agus an Fhairche. Is ansin a mhíníonn córas ar leith slogaidí agus toibreacha sruth comhaimseartha an uisce idir Loch Measca agus Loch Coirib. Tá an coimpléasc toibreacha seo, ina bhfuil roinnt súmairí ag bruach an locha agus 4 nó 5 thobar thart ar bhaile Chonga, ar na cinn is mó sa domhan ó thaobh a shrutha de. Tá roinnt uaimheanna le taiscéal fosta, cosúil le Poll na gColm i gConga agus Pollatoomary (Poll an Iomaire) i gCoill an Bhaile. Tá Pollatoomary Cave (Poll an Iomaire) ar an uaimh is doimhne a taiscéaladh sa Bhreatain agus in Éirinn.

Feictear pábháil aolchloiche ar bhruach na dtrí Lochanna i réigiún thionscadal na geopháirce s’againn a léiríonn patrúin éagsúla creimthe mar gheall ar uisce fearthainne agus ar uisce locha. Déanann Michael J Simms iad a mhíniú i roinnt páipéar (http://www.habitas.org.uk/holey_rocks/). Cuireadh síos ar chuid de na patrúin chreimthe ag Loch Measca ar dtús agus is cosúil nach bhfaightear ach sa cheantar seo iad. Tá siad le feiceáil ar bhruach na lochanna ag an Fhairche, Droingín, Inis Mhic an Trír, Uachtar Ard, agus Moore Hall.

GA