Skip links

Guaiseacha Nádúrtha agus Athrú Aeráide

Cad iad na hathruithe atá muid ag súil leo?

Guaiseacha Nádúrtha

Maidir le guaiseacha nádúrtha, ní bhíonn taithí ag Éirinn ach ar chreathanna talún beaga mar gheall go bhfuil an t-oileán ar chiumhais éighníomhach den phláta ilchríochach Eorpach. Níl aon bholcáin ghníomhach ann. Tharlódh súnámaithe mar gheall ar chreathanna talún san fharraige amuigh nó trí sciorradh talún/ollghluaiseacht de dhríodar isteach san uisce. D’fhéadfadh sin tionchar a bheith ar áiteanna ar chósta faoi mar a bhí crith talún 1755. Cé nach bhfuil sé dóchúil, bíonn monatóireacht súnámaithe ar siúl in Éirinn. Is é Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann an Phointe Teagmhála Náisiúnta do Chóras Maolaithe agus Réabhrabhaidh EOECNA/IOC d’Aigéan an Oirthuaiscirt, na Meánmhara agus na Farraigí Nasctha (NEAMTWS). Tuilleadh eolais anseo.

Is iad na príomhghuaiseacha nádúrtha in Éirinn ná sciorradh talún agus tuilte, go háirithe tuilte screamhuisce. Spreagtar an dá rud sin le báisteach, agus léiríonn na réamh-mheasa aeráide go dtarlóidh siad níos minice sa todhchaí.

Sciorradh Talún

Sna hardtailte ar an taobh thiar den réigiún bíonn sciorradh talún ar scála beag go rialta ann le himeachtaí ar scála níos mó ó am go ham cosúil leis an gceann a mhill an droichead cloiche i mbaile an Líonáin i 2007. Bíonn roinnt dár láithreáin spéise faoi bhagairt ó sciorradh talún a d’fhéadfadh lomáin spéise a chlúdach nó gnéithe neamhdhlúite dríodair a mhilleadh (cosúil le loch oighearach deilte sa Líonán). Rinne Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann diantaifead agus léarscáileanna d’imeachtaí sciorradh talún san am a caitheadh le taobh eiseamláiriú de leochaileacht (mar gheall ar chineálacha buncharraige, ithreach, fána, agus mar sin de) lena sonraí foilsithe go rialta ar open viewer (tuilleadh eolais anseo).

Tuilte

Is é an bhagairt ó thuilte screamhuisce ná don tírdhreach carst ar an taobh thoir dár réigiún agus is mór an imní é do thithe agus don bhonneagar. Tá iarrachtaí móra ar siúl chun an struchtúr tríthoiseach a thuiscint den charst agus na gluaiseachtaí den screamhuisce sa cheantar chun imeachtaí tuilte a mheas agus a leigheas don todhchaí. Is iad Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann a dhéanann an obair thábhachtach seo agus ligeann sé foinse na dtruailleán i scéimeanna uisce óil a rianú go poiblí agus sa phobal bunaithe ar an gceantar (níos mó eolais anseo). Rinne an Suirbhé forbairt ar líonra monatóireachta ar leibhéal screamhuisce le 4 stáisiún ar an taobh thoir dár réigiún a dhéanann taifead in aghaidh na huaire agus a fhoilsíonn an t-eolas anseo.

Athrú aeráide

Foilsíodh an 6ú mheasúnú ar athrú aeráide ón bPainéal Idirnáisiúnta ar Athrú Aeráide (IPCC) go luath i Lúnasa 2021. Tá na torthaí láidir agus deimhníonn siad na réamh-mheastacháin aeráide go meántéarmach agus go fadtéarmach agus gurb iad daoine atá laistiar den athrú domhanda seo. Beidh ardú teochta le feiceáil in Éirinn agus san Eoraip ar luas níos tapúla ná meánathrú domhanda. Meastar go mbeidh méadú ar an mbáisteach sa gheimhreadh a bhaineann le tuilte agus ardú leibhéal na farraige - agus beidh níos mó stoirmeacha ann mar gheall ar an aigéan níos teo (féach an bhileog fhaisnéise réigiúnach anseo).

Beidh ár gceantar ag dul i ngleic le bagairtí den sórt sin, lena n-áirítear damáiste cósta i gceantar an Chaoláire Rua (ar an Líonán bhí tuilte ar an mbaile tar éis stoirm Eleanor i mí Eanáir 2018) agus bhí méadú i dtuilte screamhuisce do na réigiúin charstacha ar an taobh thoir de na lochanna thiar. Beidh níos mó sciorradh talún mar thoradh ar an méadú ar an mbáisteach.

Géarchéim bithéagsúlachta

Maidir le hathrú aeráide agus imoibriú daoine carnach leis an tírdhreach, tá díghrádú ithreach agus an ghéarchéim bithéagsúlachta mar thoradh orthu. Áirítear ar an ngéarchéim seo díláithriú de speicis fána agus flóra, laghdú ar ghnáthóg mar gheall ar speicis ionracha agus meathlú ginearálta ar éiceachórais éagsúla le caillteanas drámata d’fhásach ar fud an domhain. Déanann an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra cosaint ar na limistéir ainmnithe a bhainistiú (níos mó eolais ar na limistéir ainmnithe sa réigiún anseo).

Sa réigiún, tá dhá Chomhpháirtíocht Nuálaíochta Eorpach (EPI-AGRI) áitiúla a thugann tacaíocht d’fheirmeoirí áitiúla chun a mbainistíocht a athrú chun an timpeallacht a chosaint. Is iad sin an Tionscnamh Diúilicín Péarla (Pearl Mussel Project), le rannpháirtithe sna dobharcheantair in Abhainn Bhun Dorcha i Maigh Eo agus in Abhainn an Chnoic agus sa Damhros i nGaillimh, agus an Scéim Agra-Chomhshaoil atá dírithe go háitiúil i gConamara Thuaidh (North Connemara Locally Led Agri-Environmental Scheme), le rannpháirtithe ón dá Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta (SAC) sna Beanna Beola agus sna Sléibhte Mhám Toirc i nGaillimh.

Another project, entitled the Wild Atlantic Nature Life integrated project, aims at blanket bog protection on the SACs of the Irish western sea board and include large parts of the region. The Lough Carra Life project has just started, which will focus on protecting Lough Carra‘s water for the benefit of both its residents and the local wildlife.

D’ullmhaigh Comhairle Contae na Gaillimhe agus Mhaigh Eo pleananna bithéagsúlachta agus tá siad curtha i bhfeidhm chun feasacht a mhúscailt i measc daoine agus pobail. Cuireann siad gníomhaíochtaí ar leith chun cinn cosúil le Plean Uile-Éireann um Pailneoirí (All-Ireland Pollinator Plan) a chur i bhfeidhm, a dhíríonn ar thacaíocht a thabhairt don daonra de gach pailneoir in Éirinn ar scálaí éagsúla idir ghairdíní príobháideacha agus páirceanna náisiúnta. Rinne ceithre phobal sa réigiún, Baile an Tobair (fós le foilsiú), Baile an Róba, Áth Cinn agus Conga, forbairt freisin ar a bpleananna gníomhaíochta féin maidir le Nádúr agus Fiadhúlra/Bithéagsúlachta.

Plean Uile-Éireann um Pailneoirí

GA