Skip links

ÁBHAR SUIME

CONGA, CO MHAIGH EO

Tá Caisleán Cheapach Corcóige suite sa bhaile seo agus taifeadadh an scannán cáiliúil Hollywood 'The Quiet Man' sa cheantar.

Sráidbhaile ar theorainn Chontae na Gaillimhe agus Contae Mhaigh Eo is é Conga (Béarla: Cong, ainm traidisiúnta: Cúnga Fheichín). Tá an sráidbhaile suite ar oileán a chruthaigh líon sruthanna thar timpeall air sa chuing a nascann Loch Coirib le Loch Measca, cóngarach d’Áth Chinn, Baile an Róba, an Fhairche, an Éill agus an Chrois.

I gConga a taifeadadh scannán cáiliúil John Ford in 1952, a bhuaigh gradam Oscar, the Quiet Man. Ar thailte Chaisleán Cheapach Corcóige, caisleán bréagach Victeoiriach cois locha a thóg muintir Guinness agus a rinneadh athchóiriú air ó shin. Bíonn tóir ag turasóirí ar Chaisleán Cheapach Corcóige i gcónaí.

Tá fothrach mainistreach ón mheánaois i gConga freisin, Mainistir Chonga, áit ar chaith Ruairí Ó Conchúir, an tArd-Rí deiridh ar Éirinn a bhlianta deireanacha. Chomh maith leis sin, is ann a thángthas ar chrois Cheilteach déanta as miotal, píosa ealaíne a chuirtear Crois Chonga uirthi. Coinnítear an chrois in Ard-Mhúsaem na hÉireann i mBaile Átha Cliath anois. Tá ardchros sa sráidbhaile freisin.

Chónaigh Sir William Wilde, staraí agus athair an scríbhneora drámaí, úrscéalaí, fhile, agus ghearrscéalaí Oscar Wilde, i gConga ar feadh scaithimh.

Togra ilchuspóireach ab ea Canáil Chonga. Thóg Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí an chanáil thar thréimhse chúig bliana, idir 1848 agus 1854, chun uiscebhealach nua, séarachas agus cumhacht don mhuileann áitiúil, a sholáthar. Ach stopadh an togra nuair a tháinig sé chun solais go raibh an t-uisce á thaoscadh faoin dromchla aolchloiche. Na laethanta seo, tá aithne aici mar ‘an chanáil throm’; athraíonn doimhneacht an uisce inti idir 0 agus 3.5 méadar de dhoimhneacht ag brath ar na séasúir (bíonn sí trom i rith an tsamhraidh agus lán uisce i rith an gheimhridh) agus tá an chanáil trí mhíle ar fhad. Tá gnéithe oidhreachta le feiceáil ar bhruach na canála.

Tuilleadh eolais:

https://discovercong.com/

https://thecrossroads.ie/

Annual Events

GA