Is éard is ceantair Ghaeltachta ann in Éirinn ná ceantair inarb í an Ghaeilge an phríomhtheanga le haghaidh gníomhaíochtaí baile, oideachais, gnó agus sóisialta. Tá thart ar 60% den gheopháirc mar chuid de Ghaeltacht agus cuimsíonn sí 7 gcinn dár bpobail. Is í an Ghaeilge an teanga saoil agus oibre do an-chuid daoine lasmuigh de na Gaeltachtaí fiú toisc gurb í céad teanga náisiúnta na hÉireann í agus is cuid lárnach den chultúr agus den traidisiún í freisin. Níl aon cheann de na trí thionscadal Gheopháirc Dhomhanda UNESCO in Éirinn i gceantair Ghaeltachta.
Chuir an Ghaeilge le teanga eolaíochta na hoigheareolaíochta freisin. Toisc go bhfuil tírdhreach oighrithe le déanaí is féidir a rochtain go héasca ag Éirinn, rinneadh obair luath ar thírghnéithe oighrithe anseo agus tugadh ainmneacha a thagann ón nGaeilge ar chuid de na tírghnéithe. Tugtar “drumlins” as Béarla ar dhromanna ísle ar chuir oighearshruth cuma chruinn fhadaithe orthu, agus tá an-chuid acu sa réigiún seo, ach tagann an t-ainm Béarla ón bhfocal Gaeilge “droimnín” a chiallaíonn “small ridge”.
Dromanna fada lúbacha gairbhéil atá in eascracha agus is gné choitianta de thírdhreach na hÉireann iad. Tagann an focal Béarla “esker” ón nGaeilge, “eiscir”, a chiallaíonn drom dealaithe.
Is é “corrie” ceann de na téarmaí Béarla a úsáidtear ar shoirc shléibhe oighearshrutha agus tagann sé ón nGaeilge “coire” a chiallaíonn pota nó caildéara mór.
Is iondúil go mbíonn ainmneacha bailte fearainn, a dtagann a bhformhór acu ón nGaeilge, ina gcur síos álainn ar ghnéithe fisiciúla den tíreolaíocht áitiúil. Go deimhin, baineann cuid acu leis an ngeolaíocht áitiúil. Is féidir leat níos mó a fhoghlaim faoin nasc seo lenár leabhrán dátheangach Béarla / Gaeilge foilsithe in 2020 ar an ábhar. Leanann sé agus cuireann sé le saothar Fhiachra Mhic Gabhann agus Tim Robinson, beirt nach maireann, trí dhíriú isteach ar ghnéithe geolaíocha agus geomoirfeolaíocha a bhfuil taifead déanta orthu i logainmneacha na hÉireann chomh maith le samplaí faoi leith ó réigiún an tionscadail.
Tá samplaí iontacha inár réigiún de naisc den sórt sin mar atá sa Chloch Bhreac nó an Aill Dubh ina bhfeictear go díreach an nasc le dath na buncharraige áitiúla. Ar a bharr sin, tá eolas i logainmneacha mar Bhaile an Tobair faoinár dtírdhreach boireannach aolchloiche agus cuireann áiteanna eile cosúil le Clochar i gcuimhne dúinn na hoighearshruthanna a d’fhág clocha sa talamh. Tá bealaí sa leabhrán chun taighde a dhéanamh ar do gheolaíocht áitiúil ar fud na hÉireann le gluais de théarmaí a mbaintear úsáid astu go minic.
Is féidir leat pdf an leabhráin a íoslódáil sa leagan Gaeilge nó Béarla. Tá roinnt cóipeanna clóite ar fáil ach iad a iarraidh. Cliceáil ar na híomhánna thíos chun an pdf a oscailt.
As part of our June 2021 conference, a live discussion between Stiofán Seoighe, language planning officer for Dhúiche Sheoigheach and Tuar Mhic Éadaigh, Benjamin Thébaudeau, geopark geologist, Dominic Ó Móráin, geopark tourism officer, Gearóidín Ní Ghrúinéil, one of the directors of the JCWL GeoEnterprise and Sheena Duddy of the Ballinrobe Gaeltacht Service Town initiative took place. The event started with a beginner’s type cúpla focal conversation followed by an introduction to a few terms relating to the landscape, geology and place names. Stiofán then outlined key aspects of the language plan and ideas for engaging and strengthening the use of the languages and Sheena mentioned the ongoing plan to make Ballinrobe a Gaeltacht Service town. Watch the discussion by clicking anseo.
Seo roinnt focal agus frásaí úsáideacha Gaeilge chun cabhrú leat do bhealach a dhéanamh timpeall ar cheantair Gaeltachta ár ngeopháirc
Beannachtaí
Gaeilge
Fáilte/ Céad Míle Fáilte
Dia duit
Slán
Fhuaimnítear
“fall-cha”
“jee-uh ggwitch”
“slaan”
Cialla as Béarla
Welcome/ 100,000 Welcomes
Hello
Goodbye
Focail agus nathanna laethúla
Gaeilge
An Lár
Gardai/ Garda
Garda síochána
Sláinte
Mná
Fir
Céilí
Craic
Le do thoil
Go raibh maith agat
Tá
Níl
Tá brón orm
Gabh mo leithscéal
Oscailte
Dúnta
Fhuaimnítear
“on lore”
“gar-dee”/ “gar-dah”
“gar-dah shee-oh-cahn-nah”
“slaan-cha”
“muh-naw”
“fear”
“kay-lee”
“crack”
“leh duh hull”
“guh rev moh og-ut”
“taw”
“kneel”
“taw brone ur-um”
“guh-muh-leh-sh-kale”
“uh-skull-cha”
“doon-ta”
Cialla as Béarla
Town Centre e.g. on a bus to go into town
Police
Police
Cheers/ To Your Health e.g. when toasting a drink
A traditional social dance event or party
Fun/ music/ good times/ entertainment
Please
Thank you
Yes
No
I’m sorry/ I’m sad
Excuse me
Open
Closed
Comharthaí bóthair
Gaeilge
Géill Slí
Stad
Téigh
Go Mall
Fhuaimnítear
“gail-shlee”
“staw-id”
“tay”
“guh moll”
Cialla as Béarla
Yield right of way (roadsign)
Stop (roadsign)
Go (roadsign)
Slow (roadsign)
Chun tuilleadh faisnéis a fháil ar an teanga nó chun í a fhoghlaim ar líne nó ar chúrsa áitiúil, lean an nasc seo.