Skip links

GEOSHUÍOMHANNA

RUDAÍ ATÁ LE FEICEÁIL

CÉ NA GEOSHUÍOMH- ANNA SEO?

Tá sé mar aidhm againn go mbeidh an ceantar seo ina gheopháirc, áit a bhfuil carraigeacha d’aoiseanna éagsúla agus samplaí de charraigeacha ó fhormhór na dtréimhsí geolaíocha, ón tréimhse Réamhchaimbriach go dtí an Tréimhse Cheathartha (700 milliún bliain ó shin go dtí an lá inniu).

Is iad na carraigeacha agus na struchtúir gheolaíocha a chabhraíonn linn gluaiseachtaí na hÉireann a rianú siar thar na blianta geolaíocha: óna tús in aigéan éadomhain nua sa leathsféar theas, nuair a bhí Éire scoilte thar dhá mhór-roinn éagsúla go dtí gur bualadh le chéile iad agus cruthaíodh aon mhór-roinn amháin, go raibh sí mar chuid de chrios fada sléibhte, gur bhog sí ó thuaidh i dtreo na dtrópaicí agus go raibh sí clúdaithe leis an bhfarraige ghléghlan the, áit ar fhás sceireacha coiréil, agus faoi dheireadh, go dtí a suíomh reatha. Cabhraíonn na háiteanna inspéise seo linn an scéal geolaíoch a insint. Ní hamháin go gclúdaíonn sé na milliúin bliain, ach is iomaí leithead, aeráid, teocht agus leibhéal farraige éagsúil atá sa scéal geolaíoch chomh maith. Léiríonn siad tréimhsí éagsúla nuair a bhí go leor gníomhaíochtaí bolcánacha in Éirinn, nó nuair a bhí an tír faoin aigéan agus clúdaithe leis an bhfarraige. Is é an tírdhreach a fheicimid inniu a nascann an ghníomhaíocht gheolaíoch le chéile, lena n-áirítear cén chaoi ar chruthaigh oighearshruthanna ón tréimhse gheolaíoch is déanaí, an Tréimhse Cheathartha, an tírdhreach.

Tá geolaíocht a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta ag baint léi ag na geoshuíomhanna seo – cuid díobh nach bhfuil le fáil áit ar bith eile ar domhan – é sin, nó tá siad mar chuid de cheantar a bhfuil an-chuid staire cultúrtha ag baint leis, arb iad sin na critéir bhunúsacha a bhaineann le stádas geopháirce a bhaint amach.

GA