Skip links

GNÁTHÓGA AGUS FIADHÚLRA

RÉIMSE TIMPEALLACHTAÍ

AN BHITHÉAGSÚLACHT INÁR RÉIGIÚN

Tá réimse leathan gnáthóg nádúrtha agus bithéagsúlacht shaibhir i réigiún gheopháirc Dhúiche Sheoigheach agus Lochanna an Iarthair mar gheall ar an réimse timpeallachtaí atá ann. Is iad caoirigh ceansaithe ar na hardtailte agus eallaí ar na machairí thoir na speicis is feiceálaí ach tá an-chuid fiadhúlra le feiceáil agus le haimsiú ann. Seo thíos cur síos ar na príomhchineálacha gnáthóg agus speiceas atá ann.

Is féidir libh tuilleadh a fháil sna leabhair agus hailt liostaithe anseo.

Féarthailte

Tá gnáthóga féirthalún breacnádúrtha nach bhfuil an-mhionathraithe nó feabhsaithe don talmhaíocht ag éirí níos neamhchoitianta i dtírdhreach na hÉireann sa lá atá inniu ann. Tá éagsúlacht speiceas féir agus cíbe agus luachra i gceantair fhliucha agus coibhneas an-ard luibheanna leathanduilleacha (bláthanna fiáine) ann ina gcomharthaí sóirt orthu. Aimsítear féarthailte cailcreacha go háirithe timpeall ar Loch Coirib, Loch Measca agus Loch Ceara, áit a gcruthaíonn aolchloch pH ard sa chré. Tá siad an-saibhir go háirithe ó thaobh speiceas de agus bíonn taispeántas álainn bláthanna iontu sa samhradh. Tá féarthailte fliucha ar fud an cheantair, go háirithe i gConamara. Bíonn gnáthóga féarmhara lán de bhláthanna, cosúil le móinéir féir, ag an-chuid ciumhaiseanna bóthair agus reiligí freisin. Meallann na féir agus bláthanna fiáine seo roinnt speicis feithidí agus meallann siadsan éin beathaithe dá réir sin.

Fálta Sceach

Is éard atá i bhfálta sceach ná gnáthóga líneacha crann, tor agus flóra talún a bhaineann le teorainneacha páirceanna agus imill bhóithre, ar féidir leo a bheith ina codanna iarmharacha coillearnaí. Tacaíonn siad le neart éan, mamaigh, amhail broic, agus inveirteabraigh agus éagsúlacht mhaith speiceas plandaí. Feidhmíonn fálta mar chonairí tábhachtacha éiceolaíochta chun gluaiseacht plandaí agus ainmhithe tríd an tírdhreach a éascú, áit a bhfuil gnáthóga nádúrtha caillte.

Pábháil Aolchloiche

Is gnáthóg a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta ag baint léi í pábháil aolchloiche agus tá sí an-neamhghnách san Eoraip agus le fáil nach mór in Éirinn amháin, i gcontaetha na Gaillimhe, an Chláir agus Mhaigh Eo. Tá sí comhdhéanta de cheantair nochtaithe bhuncharraige aolchloiche atá scoilte, briste nó síonchaite chun na gnéithe ‘clint agus gríog’ atá ina saintréithe di a chruthú. Tacaíonn pócaí de chré éadomhain timpeall ar an clocha le raithnigh, bláthanna agus toir ísle agus is iondúil go mbíonn an-éagsúlacht speiceas plandaí ann, réimse magairlíní san áireamh. Tá sí le fáil thart ar chladaí Loch Coirib, Loch Measca agus, san áit is suntasaí ó thaobh na bithéagsúlachta de, thart ar Loch Ceara.

Tailte Portaigh

Bogaigh inarb é móin an substráit is mó is ea iad tailte portaigh, portaigh a mbeathaíonn an bháisteach iad san áireamh, agus is gnáthóga an-aigéadach iad. I nDúiche Sheoigheach, tá bratphortach ardtalún ann i réigiúin sléibhte agus tá bratphortach ísealtalún/Atlantach le fáil ar ísealtalamh Chonamara agus i gceantair chósta. Tá cúpla gnáthóg eile bogaigh amhail eanaigh agus corcaí giolcaí ar chladaí na mórlochanna. Clúdaíonn bratphortach breis agus 35% d’achar ár dtionscadal geopháirce agus tá an mhóin idir 1 méadar agus 2 mhéadar ar domhain ar an meán ach is féidir léi a bheith níos doimhne i bpócaí agus í á sil-leagadh le 5000 bliain nó níos mó anuas. Cíb cheanngheal, ceannbháin, fraoch mór, fraoch naoscaí agus fraochán, chomh maith le clúdach súsán, go háirithe ar cheantair nach gcuirtear isteach orthu, is mó atá san fhásra. Fásann sifín go flúirseach, go háirithe ar na bratphortaigh ísealtalún. Aimsítear gnáthóg fraochmhá tirime agus sléibhe ar na sléibhte níos airde agus tacaíonn sí le réimse uathúil plandaí, lena n-áirítear garbhógaí agus sainspeicis sléibhe eile. Tá Portach na Léime Thiar, Anaclann Dúlra faoi úinéireacht an stáit taobh thiar d’Uachtar Ard, lán de ghnáthóga agus flóra éagsúla.

Gnáthóga Fionnuisce

Aimsítear réimse gnáthóg fionnuisce ar fud an réigiúin, lena n-áirítear lochanna, linnte, srutháin, aibhneacha, toibreacha agus riasca. Tá gnáthóga fionnuisce ríthábhachtach do na pobail phlandaí agus ainmhithe a dtacaíonn siad leo. Tá formhór ár ngnáthóga fionnuisce ar chaighdeán réasúnta maith agus neamhthruaillithe, rud atá tábhachtach d’iliomad speiceas neamhchoitianta agus tábhachtach, cosúil leis an bpollán, an ruabhreac Artach, an bradán Atlantach, an loimpre mhara, an loimpre shrutháin, an phiardóg liathbhán, an diúilicín péarla fionnuisce agus an dobhrán, gach ceann acu óna dteastaíonn cáilíocht an-ard uisce. Tá an breac donn agus an liús i bhformhór na lochanna inár réigiún tionscadail geopháirce freisin.

Fiord

An t-aon fhiord amháin in Éirinn ná gleann oighreach báite ag an bhfarraige a shíneann ó bhéal Abhainn na hOirimhe taobh thoir den Líonáin ar feadh thart ar 15 km taobh thiar. Tá sé 45 m ar domhain ar an meán agus tá pobal éagsúil cósta, ina bhfuil éanlaith mara agus madraí uisce agus mamaigh mara, ar nós deilfeanna agus rónta, ina gcónaí ina uiscí éadoimhne foscúil cósta. Feictear liamháin ghréine fiú uaireanta ag béal an bhá. Bhí mórchabhlach iascaireachta i láthair le linn an bhorrtha Scadán ag tús an 20ú haois, ach níor tháinig sé slán nuair a chlis ar a stoc 50 bliain ó shin. Sa lá inniu, tá mórfheirm shliogéisc ann i lár an fhiord agus cuireann sí diúilicíní, oisrí, sliogáin trach agus sceana mara úra ar fáil don cheantar.

Machair

Is gnáthóg annamh ar an gcósta é seo atá ar fáil ar na cóstaí in iarthar na hÉireann agus na hAlban, a cruthaíodh ó idiroibriú idir an gaineamh séidte agus na sliogeáin mhoileasc bhriste. Bíonn machaire cósta atá torthúil agus cailcreach mar thoradh air a úsáideadh go forleathan do shaothrú san am a caitheadh.

Coillearnach leathnádúrtha

Crainn dhúchasacha leathanduilleacha (dair nó fuinseog den chuid is mó) nó, go neamhchoitianta, ceann den líon bheag buaircíneach atá againn, is é sin iúr, is mó atá sa choillearnach leathnádúrtha. Cuirtear coillearnach grágáin ina bhfuil coll nó grágáin eile i dtreis; coillearnach bhruachánach agus fhliuch gar d’uiscebhealaí agus i gceantair bhogaigh, a mbíonn saileacha agus fearnóga agus roinnt coillearnaí diméine ina gcomhartha sóirt uirthi, san áireamh ann freisin. Tá Doire an Chláir, cuid de atá ina anaclann dúlra faoi úinéireacht an stáit, agus Cuing na Fairche/Chonga, an chuid is mó de atá faoi úinéireacht agus faoi bhainistíocht Coillte, ina láithreáin thábhachtacha coillearnaí. Go sonrach, ba iad coillte na Fairche an láithreáin taispeántais ba mhó don tionscadal "Athshlánú coillearnaí in Éirinn”, ar thionscadal é ar ar bronnadh tionscadal 4 bliana EU-LIFE Nature (2006 go 2009) a chómhaoinigh Coillte, faoina ndearnadh obair athshlánaithe ar nach mór 300 ha. Gnáthóga réasúnta neamhchoitianta atá i gcoillearnach nádúrtha in Éirinn, toisc gur baineadh é de dheasca na mílte blianta de ghníomhaíocht daonna. Is gnáthóg an-tábhachtach í don fhiadúlra toisc go dtacaíonn sí le roinnt speiceas éin, mamaigh, amhail an cat crainn agus an t-iora rua, inveirteabraigh agus éagsúlacht leathan speiceas planda. Rinneadh 35 heicteár de choill bhuaircíneach i gCoill Mhílaoise Thuar Mhic Éadaigh, atá faoi úinéireacht Coillte, a athphlandú le coillearnach dhúchasach in 1999 agus tá sampla suimiúil de na speicis crann agus fána atá ina chónaí sna coillte ann. Tá sampla breá de choillearnach dharach gaelaí ina bhfuil cuileann, agus anseo is ansiúd aiteall, iúr agus fuinseog, le fáil ar Chnoc an Dúin ar chladaí Loch Coirib taobh thiar thuaidh d’Uachtar Ard. Tacaíonn na coillearnaí seo le flóra an-saibhir agus méith caonach agus aelusanna, atá ar na cinn is fearr san Eoraip.

Foirgnimh agus droichid

Is féidir le déanmhais de dhéantús an duine sa timpeallacht uirbeach nó tuaithe (e.g. tithe, foirgnimh feirme, droichid, ballaí, fothracha agus reiligí) gnáthóga tábhachtacha a chur ar fáil do lear mór plandaí agus pobail ainmhithe. Bíonn tábhacht ag baint le tithe agus foirgnimh eile den chuid is mó mar láithreáin neadaireachta nó fara d’éin nó ialtóga. Tá deich speiceas ialtóige in Éirinn agus tá gach ceann acu faoi chosaint. Bíonn cuid mhaith acu ar an bhfara in áiléir thithe nó foirgneamh eile le linn an tsamhraidh. Bíonn scréachóga reilige ag neadaireacht i bhfoirgnimh feirme agus seanchaisleáin nó tithe tréigthe. Fásann réimse caonach, léicean agus plandaí eile ar dhromchlaí tógtha freisin.

CAOMHNÚ

Tá achar réasúnta mór dár dtionscadal geopháirce faoi réir cosaintí dlí de chineál éigin faoi láthair maidir leis na gnáthóga nádúrtha agus cuid de na speicis ainmhithe agus phlandaí atá le fáil ann. Tá 14 Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta (SACanna), Loch Coirib agus coimpléacs Loch Measca/Loch Ceara ina measc, agus 4 Limistéar faoi Chosaint Speisialta (SPAanna), is iad sin na trí mhórloch agus cuid mhaith de Phortach Chonamara, áit a bhfuil béim ar leith ar chaomhnú speiceas éin, ann. Tá dhá anaclann dúlra ann freisin.

Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta (SAC)

SAC mór eile atá i sliabhraon Mhám Toirc, lena ghabhann cuspóirí sonracha um an gcaomhnú le haghaidh a ghnáthóga fraochmhánna fliucha agus bratphortaigh agus a lochanna níos lú. Tugtar cosaint do speicis an bhradáin Atlantaigh agus na síofróige uisce, ar planda uisce é atá an-neamhchoitianta in Éirinn. Fásann an caonach neamhchoitianta caonach crúcach snasta, a dtugann reachtaíocht an AE cosaint dó, ar feadh chladaí Loch Measca. Tugtar cosaint ar leith don chrú-ialtóg bheag agus tá cuspóirí um an gcaomhnú a bhaineann leis ag 6 cinn de 14 SACanna inár gceantair – go deimhin, tugtar cosaint shonrach do na 4 SAC bheaga, is iad sin Pluais Bhaile Mhic Fhlannchaidh i gConga, Uaimh Chill Ghoin san Éill agus Halla an Mhúraigh agus Tower Hill i gceantar Loch Ceara, mar ghnáthóga do gheimhriúchán nó cónaí samhraidh agus beathú an speicis seo. Cruthaíonn na limistéir faoi chosaint deiseanna d’fhorbairt na ndaonraí madra uisce, giorria sléibhe Éireannaigh, froig choiteann agus cait crainn.

Limistéir faoi Chosaint Speisialta (SPA)

Tá daonra tábhachtach faoileáin bháin ag Loch Ceara, ach tá an speiceas i láthair ag Loch Measca freisin, in éineacht leis an ngé bhánéadanach Ghraonlannach, an lacha bhadánach, an sléibhín, an droimneach beag agus an gheabhróg, agus tá gach ceann acu faoi chosaint. Bíonn na faoileáin agus geabhróga ag neadaireacht ar oileáin scoite ar na lochanna. Ar an gcaoi chéanna, cosnaíonn SPA Loch Coirib an ghé bhánéadanach Ghraonlannach, an gadual, an spadalach, an póiseard, an lacha bhadánach, an scótar, cromán na gcearc, an fheadóg bhuí, an sléibhín, an fhaoileán bán, an gheabhróg agus an gheabhróg Artach go sonrach. SPA mór atá i gcuid mhór de phortach ísealtalún Chonamara taobh ó dheas de Shraith Salach freisin agus cuspóirí um an gcaomhnú aige maidir leis an bhFaoileán Bán arís, ach tá cuspóirí aige le maidir le daonraí Broighill, Feadóige Buí agus Meirliúin freisin.

Anaclanna Dúlra

Limistéir atá tábhachtach don fhiadhúlra agus atá cosanta ag dlí aireachta atá in anaclann dúlra. Tá Anaclann Dúlra Choillte Dhoire an Chláir ar an taobh thiar de Loch Dhoire an Chláir agus tá 19 ha de choillearnach dhúchasach ann. Tá tábhacht ar leith ag baint leis mar gheall ar a dhaonra éagsúil léicean. Tá Anaclann Dúlra na Léime Thiar lonnaithe ar an taobh thiar d’Uachtar Ard ar 373 ha. Limistéar a bhfuil tábhacht náisiúnta ag baint leis atá ann in bhfuil gnáthóga portaigh ardtalún agus ísealtalún. Tá an dá Anaclann Dúlra seo faoi úinéireacht an stáit.

As part of our June 2021 conference, two workshops were produced about ‘Promoting Biodiversity on our Farms’ and ‘Foraging; Tasting the Landscape’.

The ‘Promoting Biodiversity on our Farms’ workshop features examples from farmer Colm Gavin of Leenane (Farming for Nature nominee 2021), Raymond Langan of Ballycastle (National Rural Network Biodiversity Farmer of the Year 2018) and others, showing how biodiversity is not only good for the environment, it’s also good for our well-being and farm income. This is followed by a lively discussion about biodiversity and the challenges of farming uplands with Joseph Mannion (project manager North Connemara EIP Agri project), ecologist Cathy Connelly, and farmers Tom Halloran, Colm Gavin and Raymond Langan. Watch the workshop by clicking anseo.

The ‘Foraging; Tasting the Landscape’ workshop features our geopark geologist, Benjamin Thébaudeau, meeting Jonathan Keane, Head Chef at the Lodge at Ashford, to explore the Ashford demesne and find what local wild plants can be consumed and how he uses them in his menu. Watch the workshop by clicking anseo.

GA