Skip links

DAOINE AGUS CULTÚR

DAOINE AGUS CULTÚR

Tá tírdhreach Chonamara agus Mhaigh Eo theas clochach, agus tá fronta aimsire an Atlantaigh ina chuid den saol sa réigiún leis na cianta. Téann teacht na gcéad lonnaitheoirí go hÉirinn siar 12,000 bliain, i ndiaidh dheireadh na hOighearaoise. Mhair na daoine seo i gcomhréir leis an gcultúr Méisiliteach (nó Meán-Chlochaoise) agus ba dhaoine fána iad, a bhíodh, go príomha, ag dul ar thóir foráiste ar chladaí farraigí, lochanna agus aibhneacha. Níl aon fhianaise ann gur lonnaigh na daoine seo inár gceantar ach aimsíodh uirlisí cloiche ón aois sin ar a dtugtar calóga na Banna ar chladaí Loch Coirib díreach taobh amuigh d’Uachtar Ard agus ag láithreáin eile sa réigiún níos leithne. Tugann na déantáin seo le fios go raibh daonra áitiúil ann ag an am.

Tugtar le fios leis an smaoineamh reatha gur tháinig an dara rabharta lonnaitheoirí ó mhó-roinn na hEorpa thart ar 6,000 bliain ó shin le linn ré ar a dtugtar an Neoiliteach (nó an Nua-Chlochaois), agus gur thug siad an talmhaíocht go hÉirinn leo. Thug na feirmeoirí ba luaithe barra, amhail cruithneacht agus eorna; ainmhithe, amhail eallach, capaill agus caoirigh; agus bealach saol ní ba shocra leo. Tá a rian fágtha ar Éirinn acu lena ndéantúis ollmhóra amhail tuamaí Meigiliteacha, galláin agus ciorcail liag cosúil leis na cinn siúd ag Gort na Caillí (taobh ó thuaidh de Chonga), atá ina léiriú ar a ndeasghnátha séasúracha a raibh baint acu leis an ngrian agus leis an ngealach. Tá cuid dá n-ealaín ghrafach greanta ar chloch mar an ealaín chloiche an-neamhchoitianta a aimsítear ar leaca gaineamhchloiche a ghobann amach ar Shliabh Phartraí.

Tá iarsmaí cúpla bád lomán, a aithníodh le déanaí nuair a rinneadh suirbhé suntasach bataiméadrach ar Loch Coirib, fágtha ar ghrinneall an Locha ag na daoine Neoiliteacha. Tá na báid seo atá cosúil le canúnna déanta de phíosa aonair adhmaid a shnoitear. Níor dátaíodh ach cúpla ceann acu le radacarbón agus baineann méid suntasach díobh leis an Neoiliteach, a fhágann gurb é seo ceann de na ceantair is saibhre san Eoraip le haghaidh fionnachtana den chineál seo.

Nílimid cinnte cibé acu tuilleadh ionraí nó athruithe nádúrtha/neamhbhuana ar chultúr na ndaoine a bhí ina gcónaí in Éirinn ba chúis le forbairt nua ar an gcultúr ábhartha thart ar 2,500 bliain ó shin, nuair a fuarthas máistreacht ar uirlisí agus airm miotail, cinn chré-umha ar dtús agus ansin cinn iarainn.

Ar na séadchomharthaí ón Chré-umhaois, tá na tuamaí ar a dtugtar tulacha, is iad sin cnocáin ísle chré, agus níl ach cúpla sampla díobh inár réigiún. Tá baint leis an tréimhse seo ag dún chnoc ag Fionnaidh agus dhá dhún cinn tíre i Loch Carra (cé nach bhfuil dáta sonrach orthu seo), chomh maith le roinnt dumha dóite ar a dtugtar fulachta fiadh. Fuaireamar iarsmaí de dhá chabhsa adhmaid a tógadh chun Loch Carra a thrasnú agus a ghearrfadh taisteal thart ar 14km. Tá an ceann is sine 100m ar fad agus tá dáta air ag thart ar 1,570 R.Ch. agus tá an ceann is faide idir Cill Chiaráin agus Baile Uí Challaigh 700m ar fad agus tá dáta air thart ar 1,100 R.Ch.

Tá baint ag an Iarannaois freisin le teacht chun cinn na Gaeilge agus na foirmeacha Ceilteacha ealaíne, ach níor aimsíodh ach dornán láithreán seandálaíochta ón ré sin in Éirinn áfach. Gné suimiúil ón ré sin an tóchar bunaidh nó “chariot-road” a nascann an láithreán ríoga Chonnacht, Ráth Cruachan, le Cruach Phádraig trí Bhaile an Tobair, toisc go raibh tobar nádúrtha ann is dócha. Taifeadtar in annála gur tógadh é in 350AD agus go ndearnadh é de bhíomaí darach agus leaca os a gcionn.

Is maith is eol gur tháinig an Chríostaíocht go hÉireann thart ar 1,500 bliain ó shin agus bhunaigh na luath-Chríostaithe neart séipéal agus mainistreacha ar fud na tíre, cosúil leis na cinn a bhaineann le Naomh Pádraig i gContae Mhaigh Eo, go háirithe idir Bhaile an Tobair agus Cruach Phádraig. Tá ceangal ag Naomh Pádraig freisin le Mám Eán i Sléibhte Mhám Toirc freisin, áit atá mar theorainn idir Dúiche Sheoigheach agus Conamara agus áit a mbíonn oilithreacht ar siúl go fóill, agus le bunú an chéad séipéil ar Inis an Ghaill i Loch Coirib, áit ar féidir ceann de na samplaí is luaithe den Ghaeilge scríofa sa chló Laidineach (dátaithe ón 6ú haois AD) a fheiceáil. Tháinig naoimh cháiliúla eile ón gceantar nó bhunaigh siad séipéil ann; deirtear gur bhunaigh Naomh Bréanainn an loingseoir séipéal ar Inis Mhic Uí Chuinn agus ag Cill Chnoc Rois ar an bhFairche, tá taifead ann gur bhunaigh Naomh Fursa an chéad séipéal ag Cill Fhursa sula ndeachaigh sé ar mhisin mhisinéireachta go East Anglia agus go dtí an Fhrainc Mheirvínseach, agus deirtear gur bhunaigh Naomh Feichín an mhainistir ag Cúnga Fheichín.Sculpture of St Patrick by Brother McNally at St Patrick's Well in Ballintubber

Ó na hamanna sin i leith agus i gcaitheamh na mblianta, rinneadh roinnt toibreacha nádúrtha ar fud na tíre a úsáid le haghaidh deasghnátha caitliceacha agus a cheangal le naoimh le bheith ina dtoibreacha beannaithe. Tá tábhacht ar leith ag baint leis seo sa tírdhreach carstach taobh thoir dár réigiún, áit a bhfuil na toibreacha níos coitianta. Tá trí thobar nádúrtha sa cheantar thart ar Mhainistir Bhaile an Tobair atá ina dtoibreacha beannaithe, Tobar cáiliúil Phádraig, a sholáthraíonn uisce do shruthán a ritheann isteach i Loch Ceara san áireamh.

Le linn thréimhse na luath-meánaoiseanna, forbraíodh ceardaíocht den scoth in Éirinn agus is samplaí iontacha dá ndéantúis iad an iliomad bíobla maisithe, amhail Leabhar Cheanannais a bhfuil cáil dhomhanda air. D’fhág lonnaíochtaí ón tréimhse seo fianaise shuntasach ar an tírdhreach, idir chrannóga (áitribh shaorga oileáin i lochanna) agus liosanna (bainc chiorclacha chré agus chloiche), arbh iad lonnaíochtaí úinéirí talún na hÉireann iad agus measadh gur liosanna sí iad i ndiaidh a dtréigthe.

Thug ionradh na nAngla-Normannach ó 1169 AD roinnt athruithe isteach ar an ailtireacht séadchomhartha in Éirinn, agus bhí bunú bailte buirge (amhail Baile an Róba agus Buiríos Ceara) agus forbairt déanmhas Móta agus daingean agus caisleán cloiche ina dhiaidh sin mar chuid dó sin. Níor baineadh amach concas Chonnacht ag na hAngla-Normannaigh faoi cheannas Richard de Burgh go dtí 1232 agus mar thoradh air, forbraíodh an-chuid caisleán ar chladaí Loch Ceara (Caisleán Ceara, Caisleán an Bhúrcaigh), Loch Measa (Baile Indeónach, Baile Uí Chadhain) agus Loch Coirib (Caisleán na Circe, Caisleán Cheapach Corcóige, caisleán Eanach Caoin).

DíreachCong Abbey Cloister remains roimh an gconcas, tháinig roinnt oird nua reiligiúnacha go hÉirinn agus bhí tábhacht ar leith ag baint le hOrd na n Agaistíneach sa réigiún. Chuir tiarnaí Gaelacha Chonnacht ag an am, clann Conchobhair, bunú roinnt mórmhainistreacha chun cinn, a léirigh an t-éacht ailtireachta ab fhearr a bhain leis an am (stíl ar a dtugtar “Scoil an Iarthair”); is samplaí dó sin iad Mainistir Bhaile an Tobair, Mainistir Inis Meáin, Mainistir Bhaile an Róba nó Mainistir Chonga, áit a chaith Ard-Rí deireanach na hÉireann, Ruaidrí Ua Conchobair, deireadh a shaoil agus áit ar cuireadh é. Tá Cros ornáideach Chonga ina léiriú ar ardchumas teicniúil ceardaithe meánaoiseacha an cheantair. Thóg oird reiligiúnacha eile lonnaíochtaí sa cheantar freisin, cosúil leis na Cairmeiligh ag Mainistir Buiríos Ceara nó na Proinsiasaigh ag Mainistir an Rois in aice le hÁth Cinn.

Tabhair faoi deara gur tháinig clann Seoigheach, teaghlach Angla-Normannaigh eile, go dtí an ceantar sa 13ú haois freisin agus thug sé a ainm do roinnt gleannta i mBarúntacht an Rois, agus is as sin a thagann an t-ainm ar Dhúiche Sheoigheach.

 

I ndiaidh na gcéadta bliain den leath-neamhspleáchas ó Choróin Shasana, bhí athrú meonta na monarcaí Túdaracha i leith na hÉireann, go háirithe an athghabháil ar thailte na heaglaise agus díscaoileadh na n-ord reiligiúnach Caitliceach, ina chúis dhíreach le héirí amach roinnt tiarnaí Gaelacha, clann Néill agus clann Domhnaill i gCúige Uladh mar is eol do chách. Ag an am céanna leis an gcoimhlint sin ag deireadh an 16ú haois, bhí na trí chlann ba thábhachtaí i gceantar Chonnacht thiar ag troid le haghaidh talún; ba iad siúd clann Mac Uilliam de Búrca (sliochtaigh de muintir De Burgh a bhí iomlán gaelaithe faoin am seo), clann Flaithbheartaigh i gConamara agus clann Máille i gCuan Mó agus ar fud an chósta thiar. Bhí an-bhaint ag Gráinne Mhaol Ní Mhaille leis an gcoimhlint sin, agus í ina taoiseach ar mhuintir Uí Mháille agus pósta faoi dhó; uair amháin le duine de na Flaithbheartaigh agus uair amháin le duine de na Búrcaigh. Go cáiliúil, throid sí chun caisleán a céad fir chéile ag Caisleán na Circe a choimeád, agus d’éirigh léi. D’éirigh le Coróin Shasana, trína gníomhaire Richard Bingham, teacht i dtír ar na heasaontais seo chun an chumhacht áitiúil a laghdú agus bhí sin ina chúis, faoi dheireadh, le scrios an tseansaoil Ghaelaigh. Géaraíodh air sin le cóilíniú pleanáilte sa dara leath den 17ú haois, i ndiaidh ionradh Oilibhéir Chromail ar Éirinn. Le linn an ama seo freisin forbraíodh na péindlíthe, a raibh sé mar aidhm acu srian a chur le saoirse Chaitliceach a gcreideamh a chleachtadh agus a chur orthu tiontú go hEaglais leasaithe Shasana.

Ag an am seo, bhí an chumhacht ag cúpla tiarna talún Sasanach a raibh eastáit mhóra ina seilbh acu. Teaghlaigh Protastúnacha a bhí iontu den chuid is mó, cosúil le muintir de Bhrún ag Caisleán Cheapach Corcóige, ach bhí muintir Uí Mhórdha ag Loch Ceara ina heisceacht shuntasach. Bhainistigh formhór na dtiarnaí talún a gcuid tailte ó chian le gníomhairí ag bailiú cíosanna agus “ag feabhsú” an bhrabúis airgeadais ar úsáid na talún. D’athraigh an tírdhreach ardtalún as cuimse ansin, nuair a tháinig deireadh leis na cleachtais “buailteachais” a bhí ann roimhe sin, ba é sin téarma áitiúil ar eallach a chur amach ar féarach sa samhradh ar na hardtailte, agus nuair a tháinig borradh ollmhór ar innilt caorach. Díothaíodh mic tíre in Éirinn i rith na tréimhse seo de dheasca íocaíochtaí dhíreacha a d’eagraigh na húdaráis as gach mac tíre a maraíodh ar na tailte. Tháinig deireadh leis an gcéad seo le héirí amach armtha in 1798 a shroich a bhuaicphointe le teacht bhuíon shaighdiúirí poblachtacha de chuid na Fraince go Co. Mhaigh Eo ach cuireadh an iarracht de dhroim seoil ar deireadh.

Go traidisiúnta, shaothraigh daoine a mbeatha ón bhfeirmeoireacht leorchothaitheach agus ón iascaireacht, go pointe áirithe. Le saothrú prátaí, bhí deiseanna iontacha cothaitheacha agus fás an daonra, ach bhí gorta agus tragóid dhaonna as cuimse ann sna 1840s, agus bhí ocras, anás, bás agus imirce ann. Bhí droch-thionchar ar Mhaigh Eo agus ar an nGaillimh go háirithe, agus tréigeadh páirceanna agus sráidbhailte. D’eagraigh uaisle na n-eastát tionscadail fóirithinte, amhail Canáil Chonga, chun fostaíocht a chur ar fáil dóibh siúd a bhí beo bocht agus tógadh tithe na mbocht cosúil leis an gceann i mBaile an Róba.

Níorbh ann do phríomhbhóithre Dhúiche Sheoigheach agus Chonamara ag tús an 19ú haois. I ndiaidh gur theip ar éirí amach 1798, thosaigh na tiarnaí talún agus údaráis áitiúla ag léarscáiliú na tíre go córasach agus go mion agus ba é an chéad suirbhé dá chineál ar domhan é. Bhí sé an-deacair dul a fhad le stráicí móra de Chonamara agus Dúiche Sheoigheach go fóill agus dá bhrí sin cuireadh de chúram ar innealtóirí é suirbhéireacht a dhéanamh ar an talamh le haghaidh acmhainní agus bealaí nua cumarsáide a phleanáil. Duine tábhachtach i stair an cheantair seo é an t-innealtóir Albanach Alexander Nimmo, atá freagrach as luathrianú formhór na mbealaí seo. Bhí cónaí air in Óstán Uí Chatháin i sráidbhaile an Mháma, mar atá a fhios ag an seol. I ndiaidh an bhunshuirbhé, tugadh faoi shuirbhé geolaíoch (bunaíodh Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann in 1845) a raibh sé d’aidhm aige aon acmhainn mianra neamhshaothraithe sa talamh a aimsiú. Rinne grúpa léarscálaithe páirce an chéad léarscáil gheolaíoch den cheantar faoi George Kinahan. Bhí toradh fónta ar an léarscáiliú sa chaoi gur forbraíodh tionscal dian, ach gearrthréimhseach, mianadóireacht airgid agus luaidhe i nDúiche Sheoigheach. Tá Gleann Gabhla agus Mianach na Ceathrún Gairbhe ar na sampla cáiliúla. Forbairtí eile sa cheantar a bhí in oscailt iarnród, an ceann a nascann cathair na Gaillimhe leis an gClochán, trí Uachtar Ard, an Teach Dóite agus Sraith Salach, san áireamh.

Le linn an chéid, forbraíodh Conradh na Talún, eagraíocht a bunaíodh i gCaisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo, maidir le cearta tionóntaí Éireannacha chun cíosa chothroim agus an fhéidearthacht a gcuid talún féin a bheith acu. D’eagraigh sé roinnt gníomhartha móréilimh i gcoinne díbirt tionóntaí bochta agus “baghcatáil” ar íocaíocht cíosa le tiarnaí talún. Is é fírinne an scéil gur cumadh an téarma Béarla “boycott” ag an am seo i sráidbhaile na hÉille nuair a bhí iriseoirí idirnáisiúnta ag clúdach ghníomh polaitiúil mhuintir Bhaile an Róba i gcoinne an ghníomhaire, Charles Boycott, a bhí ag obair don tiarna talún áitiúil. Bhí rath ar an eagraíocht agus cuir sé ar chumas smaoineamh an Neamhspleáchais éirí níos láidre.

Ba é Éirí Amach na Cásca 1916 an splanc a chuir tús leis an bpróiseas i dtreo Shaoirse na hÉireann. Le linn Chogadh na Saoirse ina dhiaidh sin, bhí buíonta beaga de shaighdiúirí an IRA eagraithe ina gcolún reatha gníomhach sa cheantar. Imeachtaí a raibh tábhacht ar leith ag baint leo a bhí i luíochán Thuar Mhic Éadaigh i mBealtaine 1921 agus ceilt cholún Reatha Chonamara ó Ros Muc i ngleann an Mháma le linn na bliana céanna. Fógraíodh Saorstát na hÉireann faoi dheireadh in 1922 a bhuí le conradh a shínigh rialtais na hÉireann agus na Breataine; chuir an Cogadh Cathartha a lean é na dreamanna a bhí in aghaidh an chonartha agus a bhí i bhfabhar an chonartha in gcoinne a chéile. Chuir an dream a bhí ina aghaidh roinnt mainéir de chuid uaisle na n-eastát trí thine, amhail Halla Uí Mhórdha, a scriosadh in 1923, trí thine.
Tá meath leanúnach tagtha ar úsáid na Gaeilge ón 18ú haois agus chuir an Gorta Mór dlús leis an athrú sin. Athraíodh ceantair inar labhair sciar maith den phobal an Ghaeilge go fóill mar Ghaeltacht go hoifigiúil in 1926 agus cuireadh de chúram ar choimisiúin de chuid an stáit ar a dtugtar Poblacht na hÉireann inniu a fairsinge a léarscáiliú sna 1950idí. Tá cuid mhaith de Dhúiche Sheoigheach sa cheantar Gaeltachta agus ba ann a d’oscail Conradh na Gaeilge an chéad choláiste oiliúna le haghaidh múinteoirí Gaeilge ag casadh an chéid i dTúr Mhic Éadaigh.
Sna glúnta is déanaí, tá athrú ann i dtreo tionscail déantúsaíochta, seirbhísí agus treasacha; go háirithe an turasóireacht, a fhorbairt. Tá an-aird á díriú ar thaitneamhacht na slatiascaireachta ar na mórlochanna ó na 1960idí i leith, ag leanúint ar fhorbairtí den chineál céanna ar lochanna Chonamara d’uaisle na n-eastát sa chéad roimhe seo.
Freastalaíonn Cathair na Gaillimhe, agus na bailte níos mó, An Clochán i gConamara agus Caisleán an Bharraigh agus Cathair na Mart i gCo. Mhaigh Eo, ar an réigiún trí chéile. Fágann soláthar den chéad scoth den mheánoideachas agus den oideachas treasach go bhfuil oideachas maith ar an daonra. Déantar ceardaíocht dhúchasach na coda seo d’Éirinn a chleachtadh agus a chaomhnú go fóill, mar a dhéantar le stíleanna áitiúla damhsa, ceoil agus spórt freisin.

Tuilleadh eolais: https://heritage.galwaycommunityheritage.org/content/category/places/joyce-country-places

Chomh maith ó na leabhair agus na hailt liostaithe anseo.

GA