Skip links

Spéir na hOíche

Athcheangail leis na réaltaí

Spéir Dhorcha

Tá cósta iarthar na hÉireann ar cheann de líon beag áiteachaí in Iarthar na hEorpa a bhfuil spéartha dorcha gléigeala le feiceáil ar oícheanta glana. Tá an acmhainn seo ag fáil níos luachmhaire de réir is a thugann an domhain aghaidh ar thruailliú solais a chuireann isteach ar an gcomhshaol, ar an mbithéagsúlacht agus ar an gcine daonna ar fud an domhain. Tá sé ag éirí níos annaimhe a bheith in ann breathnú suas ar spéir dhorcha ghlan sa domhan forbartha. Tá imní á gcur in iúl ag scríbhneoirí, ealaíontoirí agus eolaithe faoin easpa teagmháil le spéir dhorcha san oíche agus an tionchar ar intinn an duine.

Bronnadh Céim Caighdeáin Óir na Páirce Spéire Dorcha Idirnáisiúnta ar Pháirc Náisiúnta Néifinne Fiáine, ar a dtugtar Páirc Spéir Dhorcha Mhaigh Eo. Tá an teastas pháirc spéire dorcha bunaithe ar chlár caomhnaithe, ar nós Láithreáin Oidhreachta Domhanda agus Tearmann Bithsféir UNESCO. Tá na ceantair seo tiomanta do na spéartha a choinneáil dorcha go nádúrtha le go mbainfeadh na glúnta atá le teacht taitneamh as iontas spéir na hoíche. Tá aitheantas idirnáisiúnta ag Maigh Eo anois mar cheann de na háiteachaí is fearr ar domhain chun iontas spéir na hoíche a fheiceáil. Tuilleadh eolais anseo.

Mar thoradh ar seo, is é Spéartha Dorcha Chonamara grúpa nuabhunaithe i gConamara le ball áitiúil a bhfuil spéis acu iontas agus áilleacht na spéartha dorcha a chaomhnú agus réalt-turasóireacht a fhorbairt sa réigiún. Tuilleadh eolais anseo.

Ó mhí Feabhra 2024 i leith tá méadar solais ag taifeadadh an truaillithe solais don gheopháirc in oifig na Geopháirc i dTuar Mhic Éadaigh mar chuid de na hiarrachtaí chun contae Mhaigh Eo ar fad a dhéanamh ina thearmann Spéir Dhorcha. Is féidir leat na sonraí a fheiceáil nó a íoslódáil anseo.

Spástaiscéalaíocht

Ar oíche ghlan sna ceantair is dorcha sa réigiún tá na mílte réalta lonrach le feiceáil le radharc na súl chomh maith leis na bpláinéad eile sa ngrianchóras, Bealach na Bó Finne agus fiú dreigechith. Bhíodh an spéir sa réigiún seo ag cur thar maoil le réalta. Bhíodh muintir na áite i muinín na réaltaí chun eolas na slí a dhéanamh. D'úsáididís na réalta mar chomhartha séasúrach agus thógaidís struchtúir a raibh ailíniú réalteolaíoch acu ar chúiseanna éagsúla. Cuireann Caomhnú Spéire Dorcha béim ar thábhacht an tírdhreacha a bheith mar acmhainn cultúrtha ar leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta, go mór mór na tírdhreacha a bhfuil gné seandálaíochta réamhstairiúla acu. Tá aitheantas tugtha ag UNESCO do luach Oidhreacht Réalteolaíoch tríd a suíomh “Portal to the Heritage of Astronomy” atá ann chun feasacht a ardú ar thábhacht na hoidhreacht réalteolaíochta agus chun tacú le iarrachtaí an oidhreacht seo a chosaint agus a chaomhnú.

Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi shoilsiú a thacaíonn leis na spéartha dorcha agus nodanna réaltóireachta sa ngrafaic eolais thíos (nó íoslódáil anseo). Breathnaigh ar shuíomh idirlín Pháirc Spéir Dorcha Mhaigh Eo chun tuilleadh eolais a fháil ar an ngealach agus réaltbhuíon atá le feicéal ó Éirinn, réalt-turasóireacht, réalt-ghrianghrafadóireacht, fiadhúlra oíche agus ócáidí a eagraítear i rith na bliana.

GA