Skip links

AN TÍRDHREACH

TÍRDHREACH DHÚICHE SHEOIGHEACH & LOCHANNA AN IARTHAIR

TÍRDHREACH RÉIGIÚN DHÚICHE SHEOIGHEACH & LOCHANNA AN IARTHAIR

Tá an codarsnacht idir ardtailte Shliabh Phartraí, Mhám Trasna, Shléibhte Mhám Toirc, na Binne Bige, Log na Brice agus Bhinn Shléibhe san iarthar agus na machairí droimneacha a shíneann isteach i Lár na Tíre san oirthear ag tosú ag cladaí Loch Measca, Loch Ceara agus Loch Coirib ina comhartha sóirt ag tírdhreach thionscadal gheopháirc Dhúiche Sheoigheach & Lochanna an Iarthair

Is loch uathúil marla 16 km2 é Loch Ceara ina bhfuil iliomad oileán agus an-éagsúlacht gnáthóg le haghaidh bláthanna, feithidí agus éan ((www.loughcarra.org).

Clúdaíonn Loch Measca achar de bhreis agus 81 km2 (an 6ú loch is mó sa stát) agus tá sé 58m ar domhain ar a doimhne, a fhágann go bhfuil sé ar cheann de na lochanna is doimhne sa tír. Tugtar loch olagatrófach air, a chiallaíonn go bhfuil méid íseal cothaithigh ann a chuireann srian le fás algaí, agus a fhágann gur féidir é a úsáid mar mhórfhoinse uisce óil i gcontae Mhaigh Eo.

Agus é 180 km2 ó thaobh méide de, is é Loch Coirib an dara loch is mó in Éirinn agus tá sé roinnte go garbh in dá abhantrach, abhantrach ó dheas atá measartha éadomhain agus aolchloch faoina bhun agus abhantrach níos mó agus níos doimhne ó thuaidh a bhfuil éagsúlacht bhuncharraigeacha d’aoiseanna agus bunúis dhifriúla faoina bhun.

Tá cáil ar gach ceann de na lochanna seo mar gheall ar an slatiascaireacht. Tá an t-uisce i ngach ceann acu ceangailte lena chéile, agus ritheann siad ó dheas isteach i gCuan na Gaillimhe. Tá sléibhte ár dtionscadail geopháirce idir 440 agus 700 m ar airde agus tá gleannta ar chruthaigh oighearshruthanna iad, lochanna agus an iliomad aibhneacha a ritheann isteach sa dá loch níos mó taobh thoir agus isteach sa Chaoláire Rua, an t-aon fhiord amháin in Éirinn, taobh thiar, ina measc. Níl ach dosaen sráidbhailte agus tithe breactha go rialta idir na sléibhte agus cladaí na n-aibhneacha inár réigiún tuaithe tionscadail geopháirce, agus tá an dlús is airde daoine ar an taobh thoir de na lochanna níos mó ar an machaire.

Agus is féidir libh tuilleadh a fháil sna leabhair agus hailt liostaithe anseo.

TÍRDHREACH OIGHREACH

OIGHRIÚ ARDTALÚN & ÍSEALTALÚN

TÍRDHREACH CARSTACH

TOCHAILT IN AOLCHLOCH

DRÍODAIR AGUS GNÁTHÓGA

AN BUNÚS ÁR NGORT

GA