Skip links

AN POBAL S’AGAINN

DAOINE BUN AGUS BARR AN SCÉIL

DAOINE BUN AGUS BARR AN SCÉIL

Cé go bhfuil saibhreas iontach geolaíochta sa réigiún seo, thar gach rud eile baineann geopháirc le daoine – na daoine atá ina gcónaí anseo anois, na daoine a bhí anseo le linn na mílte bliain, agus na daoine a bheidh ina gcónaí agus a mhairfidh beo anseo san am atá le teacht. Baineann an scéal uile le cuairteoirí atá ag iarraidh blaiseadh a fháil ar mhonabhar ár dtírdhreacha agus breathnú thart air, guth na talún.

Is é an pobal atá taobh thiar den smaoineamh faoi gheopháirc. Is cuideachta faoi theorainn ráthaíochta/CLG eagraíocht dheonach Geotreallús Dhúiche Sheoigheach agus Lochanna an Iarthair (Joyce Country and Western Lakes Geoenterprise) a bunaíodh ar son leas thart faoi 20 bpobal agus roinnt ENRanna agus é de chuspóir aici geopháirc inmharthana a bhaint amach. Tá bord bainistíochta ann le saineolas a tarraingíodh as gach pobal agus as taithí níos forleithne. Is é an bord a bhí i mbun iarratais rathúla ar mhaoiniú ó Shuirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann, ó Údarás na Gaeltachta agus ó chistí Éire 2040. Faigheann Tionscadal Gheopháirc Dhúiche Sheoigheach agus Lochanna an Iarthair reatha tacaíocht uathu sin agus ó chomhpháirtithe eile stáit atá ag comhoibriú leo. Tá ionadaíocht dhíreach ag Fiontar Geolaíochta DSLI ar Choiste Stiúrtha an Tionscadail, chomh maith le hionadaithe ó earnáil na turasóireachta agus earnáil na feirmeoireachta.

 

Clúdaíonn réigiún geopháirce DSLI thart ar 1500 km2 lena n-áirítear Loch Ceara, Loch Measca agus thart ar leathchuid de Loch Coirib. Den chuid is mó tá an talamh agus na pobail thart ar na sráidbhailte a leanas i gceist, Baile an Tobair, Ceathrú na Con, Coill an Bhaile, Partraí, Tuar Mhic Éadaigh, Fionnaithe, An Líonán, Sraith Salach/Loch Eidhneach, An Mám, An Teach Dóite, Corr na Móna, Uachtar Ard, Gleann Coirib, An Fhairche, An Chloch Bhreac, An Chrois agus an Éill. Níl de bhailte ann ach Baile an Róba, Conga agus Áth Cinn. Is ‘bailte tairsí ‘ iad na háiteanna a bhfuil pobail níos mó iontu (taobh amuigh de na críocha) lena n-áirítear Cathair na Gaillimhe, Cathair na Mart agus Caisleán an Bharraigh. Eagraítear na pobail seo i líonra de réir cairte prionsabail a bhfuil cur síos orthu i straitéis turasóireachta na Geopháirc. Tá obair an líonra seo ag teacht go han-mhaith le SDGanna na NA go háirithe Sprioc 4 (Oideachas Cáilíochta) agus Sprioc 11 (Pobail Inbhuanaithe).

SDG4

Our local schools

The Joyce Country and Western Lakes Geopark is also involved with all the local schools of the region, at primary and secondary level. The geopark geologist offers visits to the school where local geology and heritage is presented with some samples for the students to interact with. Field visits can also be organised. If you are interested in booking a visit from the geologist, déan teagmháil linn.

This website also contains curriculum tips on how to use the geopark as an outdoor classroom and various other resources for teachers (see more information in our learning page).

Local primary school pupils were asked to make a poster on their local heritage for them to be displayed at the exhibition space of the geopark’s conference in 2021. See them in the gallery to the right.

Scéalta le hinsint

Cruthaíodh Líonra Oidhreachta Dhúiche Sheoigheach agus Lochanna an Iarthair i samhradh na bliana 2020 ag nascadh baill de na cumainn staire áitiúla agus baill de na comhairlí pobail a bhfuil spéis acu san oidhreacht malartú agus comhoibriú ar thionscadail don réigiún iomlán. Cuidíonn an líonra le staidéar agus ceiliúradh a dhéanamh ar stair ceangailte go láidir ár mbailte agus sráidbhailte, ár ngleannta agus ár lochanna. Dhírigh an chéad tionscadal, cnuasach alt gairid lena n-áirítear roinnt i mBéarla agus i nGaeilge, ar na trí loch mhóra thiar Ceara, Measca agus Coirib agus foilsíodh é mar chuid de Sheachtain Náisiúnta Oidhreachta 2020. Féach doiciméad an tionscadail anseo.

Más spéis leat a bheith páirteach i Líonra Oidhreachta Dhúiche Sheoigheach agus Lochanna an Iarthair, déan teagmháil linn.

GA