Skip links

AN SCÉAL GEOLAÍOCH

INSÍONN NA CLOCHA A SCÉALTA

ÁR nOIDHREACHT GHEOLAÍOCH

about Joyce Country & Western Lakes Geopark mission

Insíonn clocha agus tírdhreach réigiún gheopháirc Dhúiche Sheoigheach & Lochanna an Iarthair scéal a chlúdaíonn 700 milliún bliain. Insíonn siad scéal ilchríche a bhí sa Leathsféar Theas ar dtús agus a bhris óna céile, scéal aigéin a osclaíodh agus a dúnadh arís, scéal talún a bádh faoi uiscí teo trópaiceacha, scéal ilchríche sa Leathsféar Thuaidh a bhris óna céile chun aigéan nua a chruthú, scéal oighearthréimhsí a chruthaigh tírdhreacha agus scéal idirghníomhaíocht an duine leis an talamh. Is féidir an scéal iomlán iontach seo a insint anseo, i ngeopháirc Dhúiche Sheoigheach & Lochanna an Iarthair.

Tá geolaíocht a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta ag baint léi ag Geopháirceanna Domhanda UNESCO. I réigiún gheopháirc Dhúiche Sheoigheach & Lochanna an Iarthair, d’fhéadfaí a mhaíomh go bhfuil an sampla is fearr ar domhan den Oraigineas Grampach-Tacanach iomlán againn. B’imeacht tógtha sléibhte é, agus tá fianaise air le feiceáil in Éirinn agus in Albain, agus ó na Sléibhte Apaláiseacha trasna go dtí an Ghraonlainn. Fágann sé seo go bhfuil geo-éagsúlacht den scoth de chineálacha cloiche, iontaisí agus gnéithe tírdhreacha ann le fiosrú.

Is féidir lenár scéal geolaíoch a bheith chomh simplí nó chomh casta agus is mian leat, ach chun é a thuiscint, is fiú roinnt smaointe agus fíricí bunúsacha a bheith ar eolas agat. Is féidir leat dul go díreach ar aghaidh go dtí an scéal nó ár rannóg Geolaíocht 101 a léamh ar dtús

Agus is féidir libh tuilleadh a fháil sna leabhair agus hailt liostaithe anseo.

AN RÉIGIÚN GEOPHÁIRC

AN SCÉAL GEOLAÍOCH

GEOLAÍOCHT 101

BUNEOLAS AR GHEOLAÍOCHT

ÉIRE

ACHOIMRE GEOLAÍOCHTA

GA