LÍONRAÍ AGUS TAIRBHÍ
Más Geopháirc Dhomhanda UNESCO thú ciallaíonn sé go mbeidh tú i do chuid de líonraí fuinniúla, san áit a bhfuil baill tiomanta oibriú le chéile, smaointe agus dea-chleachtas a roinnt le chéile, agus páirt a ghlacadh i gcomhthionscadail chun caighdeáin cháilíochta gach táirge agus gach cleachtais de Gheopháirc Dhomhanda UNESCO a fheabhsú. Má bhronntar stádas Gheopháirc Dhomhanda UNESCO ar réigiún geopháirce Dhúiche Sheoigheach & Lochanna an Iarthair, beidh sé ina bhall de na líonraí sin.


Is eagraíocht sheachbhrabúsach atá bunaithe go dleathach é Líonra Geopháirceanna Domhanda a bhfuil táille bhliantúil bhallraíochta léi agus caithfear tú a bheith i do bhall de má tá tú le Geopháirceanna Domhanda UNESCO. Bunaíodh Líonra Geopháirceanna Domhanda in 2004 agus is líonra fuinniúil é a bhfuil a gcuid ball tiomanta a bheith ag obair le chéile, smaointe agus cleachtais a roinnt le chéile, agus páirt a ghlacadh i gcomhthionscadail chun caighdeáin cháilíochta gach táirge agus gach cleachtais de Gheopháirc Dhomhanda UNESCO a fheabhsú. Tagann baill uile Líonra Geopháirceanna Domhanda le chéile gach dara bliain.
Tá Líonra Geopháirceanna Domhanda i gcónaí ag méadú, ag tarraingt isteach sainchleachtas agus eolas nua as gach cearn den domhan agus as cultúir éagsúla. Tá sé i gcónaí ag forbairt eiseamláirí de dhea-chleachtas agus ag leagan síos caighdeáin d’ardcháilíocht do chríocha a chomhtháthaíonn caomhnú na hoidhreachta geolaíochta le straitéisí chun geilleagar réigiúnach inmharthana a fhorbairt.
Nuair a thugtar cuairt ar gheopháirceanna ar fud an domhain cinntítear go bhfuil caighdeán cáilíochta agus bainistíocht inmharthana ann agus san am céanna léirítear an réimse dochreidte de na gnéithe geolaíochta, na tírdhreacha nádúrtha agus na cultúir dhaonna atá le fáil sa domhan.
Is feidhm de chuid Líonra Geopháirceanna Domhanda é Líonra Georpháirceanna na hEorpa. Is oibríocht é de líonraí réigiúnacha a thagann le chéile dhá uair sa bhliain le comhghníomhaíochtaí a fhorbairt agus a chur chun cinn. Cruthaíodh Líonra Geopháirceanna na hEorpa le tacaíocht an AE agus le comhoibriú le UNESCO in 2000. Is é an cuspóir atá leis tacú le forbairt inmharthana réigiúnach sa gheopháirc trí leas a bhaint as oidhreacht gheolaíochta réigiúin, go príomha trí fhorbairt na geothurasóireachta.
In 2007 bunaíodh Coiste na hÉireann um Gheolaíocht Dhomhanda UNESCO (IUGGC), arbh é Fóram Uile-Éireann um Gheopháirceanna a ainm roimhe sin. Bunaíodh é le tacú le Geopháirceanna agus tionscadail Gheopháirce in Éirinn. Déanann Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann agus ceann Thuaisceart Éireann comhchathaoirleacht air agus tá ionadaithe aige ó gach ceann de na trí Gheopháirc Dhomhanda UNESCO in Éirinn.
Bíonn Fóram Bliantúil ag IUGGC chun Geopháirceanna Domhanda UNESCO na hÉireann agus tionscadail eile Gheopháirce agus gheothurasóireachta a chur os comhair an phobail. De ghnáth bíonn an ócáid seo ann i Mí na Samhna gach bliain.