Skip links

EOLAS FÚINN

CUIR AITHNE NÍOS FEARR ORAINN

TAISCÉAL AR ÁR DTÍRDHREACHA COGARNACH

Sléibhte agus lochanna gearrtha amach ag an oighear, rothair agus conairí, fíorscoth na mbreac, caisleáin agus fothracha, bailte beaga gleoite, bia, deoch agus cultúr iontach – sin agus tuilleadh. Breathnaigh thart ar ár dtírdhreacha cogarnach!

Guth na Talún

Hover to preview
Oscail an físeán
Cad atá faoinár gcosa? Cad atá le feiceáil agat? Cad atá ag tarlú sna sráidbhailte s’againn?

Lena fháil amach, téigh ar aistear – fíor nó fíorúil – trí na codanna an-spéisiúil seo de thuaisceart Chonamara agus d’iardheisceart Mhaigh Eo is lú a bhfuil eolas orthu seo. Anseo, tagann an stair ársa agus an mhaireachtáil nua-aimseartha le chéile, le léargais fhíorálainn ar an dóigh ar cruthaíodh an áilleacht fhiáin seo, an dóigh ar fhorbair saol an lae inniu.

about Joyce Country & Western Lakes Geopark mission
Fiord an Chaoláire Rua – an t-aon fhiord in Éirinn
Pábháil aolchloiche na Fairche
Cuir ár nGeopháirc tús le d’aistear, ag baint an ghlais den an am atá thart, á chur ina luí ar an am i láthair agus ag nochtadh a chuid rún.

Ar dtús iarracht dheonach 10 mbliana, ansin tionscadal dhá bhliain (2020-2021), agus anois comhdhlúite ina gheopháirc lánfheidhmiúil, is é an príomhchuspóir atá aige na hacmhainní agus na struchtúir a bhunú chun stádas Gheopháirc Dhomhanda UNESCO a ghnóthú. Is áiteanna iad geopháirceanna a bhfuil geolaíocht acu a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta leo. Déantar iad a bhainistiú de réir coincheap iomlánaíoch maidir le cosaint, oideachas agus forbairt gheilleagrach. Osclaítear fuinneog leo ar oidhreacht agus cultúr – atá ársa agus atá ann faoi láthair agus a bhí ann san am idir an dá linn – do mhuintir na háite chomh maith le cuairteoirí.

Tháinig tacaíocht shuntasach ó bhunchloch don gheopháirc ón gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe sa Roinn Forbartha Tuaithe & Pobail (cuid de Thionscadal Éireann 2040), ó chomhpháirtíocht ilghníomhaireachta freisin, agus 10 mbliana d’obair dheonach dhíograiseach. Chuir an tionscadal €1.19 milliún, faoi stiúir Shuirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann, an bonn ar fáil chun triúr bhall foirne lánaimseartha a fhostú le déanaí. Tá Michael Hegarty (Bainisteoir Geopháirce), an Dr Benjamin Thébaudeau (Geolaí Geopháirce) agus Dominic O’Móráin (Oifigeach Turasóireachta, á mhaoiniú ag Údarás na Gaeltachta) fós lonnaithe i dTuar Mhic Éadaigh, Contae Mhaigh Eo. Bhí an Bainisteoir Tionscadail an Dr Siobhán Power agus Amrine Dubois Gafar (Geolaí Tionscadail) lonnaithe i Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann i mBaile Átha Cliath.

Boirinn agus Ailte an Mhothair - ceann de na trí gheopháirc in Éirinn
Tá súil againn a bheith ar an gceathrú…

Faoi láthair tá trí Gheopháirc Dhomhanda UNESCO ar oileán na hÉireann: Cósta an Chopair i gContae Phort Láirge; Boirinn agus Ailte an Mhothair, Contae an Chláir; agus Lochanna Chuilceach i gContae Fhear Manach agus Contae an Chabháin. Táimid dóchasach gur féidir le geopháirc ionchasach Dhúiche Sheoigheach agus Lochanna an Iarthair stádas UNESCO a bhaint amach sna blianta beaga amach romhainn má théann an obair ar aghaidh mar atáthar ag súil leis.

Bileoigín Eolais

Tá bileoigín forbartha againn le príomhphointí faoi cad é atá / nach bhfuil, a bheidh / nach mbeidh ná a bheidh / nach mbeidh go deo i gceist le geopháirc le cuidiú eolas a thabhairt maidir le deiseanna agus míthuiscintí a shoiléiriú. Tá a fhios againn go dtuigeann go leor sa réigiún coincheap na geopháirce, cé nach bhfuil a fhios ag a lán faoi, agus níor chuala go leor acu faoin moladh fiú. D’fhéadfadh go mbeadh daoine ann agus an léamh contráilte acu air. Tá súil againn go gcuirfidh sé ar an eolas thú.


front cover masterplan IR
Máistiphlean Bainistíochta 2022-2028

Tá Máistirphlean Bainistíochta do 2022 go 2028 forbartha ag an bhfoireann gheopháirc i gcomhar lena comhpháirtithe agus páirtithe leasmhara go léir agus tar éis dul i gcomhairle le pobail áitiúla an réigiúin. Déanann an plean cur síos ar an gheopháirc agus ar a rialachas, ar a buiséad agus ar an bhfoireann, ar a fhís, ar na comhpháirtithe agus ar na páirtithe leasmhara éagsúla, ar anailís LLDB agus ar liosta de na gníomhaíochtaí atá beartaithe don todhchaí. Déanann an uirlis iontach seo soiléiriú ar oibríochtaí an gheopháirc agus an straitéis dá fhorbairt. Seoladh an plean go hoifigiúil i mí Feabhra 2023. Tá an plean ar fáil le híoslódáil anseo.


Straitéis don todhchaí

Ar na príomhthorthaí a bhaineann le tionscadal na geopháirce beidh deiseanna nua turasóireachta ann do ghnónna, agus cruthófar níos mó post ar bhonn áitiúil agus féidearthachtaí ioncaim dá réir. Is é is bunús leis seo ná stair gheolaíoch iontach an réigiúin a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta leis agus an dóigh ar mhúnlaigh sé ár dtírdhreach, an bealach ina maireann daoine agus an oidhreacht shaibhir atáimid in ann a chur chun cinn agus taitneamh a bhaint as níos mó ná riamh. Ionas go mbeimid in ann fuinneamh a spreagadh sa chineál sin turasóireachta agus chun é a threorú, rinneadh an tionscadal Straitéis nua um Fhorbairt Turasóireachta a fhorbairt don cheantar le hionchur saineolaíoch ó éascaitheoir a bhfuil taithí aige. Déantar cur síos i ndoiciméad gairid ar an bhfís, agus istigh ann tá LLDB (láidreachtaí, laigí, deiseanna, bagairtí) agus súil ar an dóigh le maireachtáil le COVID-19 agus ina dhiaidh sin. Cuid an-tábhachtach is ea an Chairt don Gheopháirc - sraith de phrionsabail ina dtugtar treoir dár gcomhpháirtíocht le gnónna, pobail, srl. Iarrtar ar gach ceann acu na prionsabail sin a liostáil agus seasamh leo agus an Gheopháirc á forbairt. Críochnaíonn sé le sé chuspóir straitéiseacha agus príomhghníomhartha.

Beanna Beola agus Gleann Eidhní
Imeachtaí, gníomhaíochtaí, eolas, oideachas agus traenáil

Le linn an tionscadail beidh imeachtaí agus gníomhaíochtaí á reáchtáil ag an ngeopháirc ionchasach nó i gcomhar leis - cuirfear sonraí suas ar shuíomh gréasáin geopháirc Dhúiche Sheoigheach agus Lochanna an Iarthair agus ar na meáin shóisialta (@JCWLGeopark) dóibh siúd ar mian leo a bheith mar chuid den phróiseas seo. Tá eolas, comharthaíocht agus painéil ag pointí spéise mar aon le hoiliúint i bhforbairt gnó agus líonraí á gcur ar fáil. Tá clár oideachais do gach leibhéal ag dul chun cinn go maith freisin.

What lies beneath our feet? What’s that in your line of sight? What’s happening in our villages? To find out, take a trip – real or virtual – through these fascinating yet lesser known parts of north Connemara and south west Mayo. Here, ancient history and modern living combine, with exquisite insights into how this savage beauty was carved out, how modern life evolved.

The Geopark Project will start you on a journey, unlocking the past, overlaying it on the present and revealing its secrets. Initially a two-year project (2020-2021), its key aim is to put in place the resources and structures to achieve UNESCO Global Geopark status. Geoparks are places of internationally significant geology, managed with a holistic concept of protection, education and economic development. They open a window on heritage and culture – ancient and current and everything in between – for locals and visitors alike.

Thanks to funding, primarily by the Rural Regeneration and Development Fundin the Department of Rural & Community Development (part of Project Ireland 2040), also from a multi-agency partnership, and 10 years of committed volunteer work, the Joyce Country and Western Lakes aspiring geopark project got underway in January 2020. The €1.19 million project, led by Geological Survey Ireland, recently employed 3 full-time staff. Michael Hegarty (Geopark Manager), Dr Benjamin Thébaudeau (Geopark Geologist) and Dominic O’Móráin (Tourism Officer, funded by Údarás na Gealtachta) are based in Tourmakeady County Mayo. The Project Manager Dr Siobhán Power and Amrine Dubois Gafar (Project Geologist) are based in Geological Survey Ireland in Dublin.

 

 

Faoi láthair tá trí Gheopháirc Dhomhanda UNESCO ar oileán na hÉireann: Cósta an Chopair i gContae Phort Láirge; Boirinn agus Ailte an Mhothair, Contae an Chláir; agus Uaimheanna na hÁirse Marmair i gContae Fhear Manach agus Contae an Chabháin. Táimid dóchasach gur féidir le geopháirc ionchasach Dhúiche Sheoigheach agus Lochanna an Iarthair stádas UNESCO a bhaint amach sna blianta beaga amach romhainn má théann an obair ar aghaidh mar atáthar ag súil leis.

 

Throughout the project there will be events and activities run by or in conjunction with the aspiring geopark – details will be posted on the Joyce Country & Western Lakes geopark website for those who want to be a part of this process. Information, signage and panels at sites of interest, and training in business and networks development are being provided. An education programme for all levels is also being developed.

GA