Skip links

GEOSHUÍOMH

GEOCHONAIR MHÁMA ÉAN

Conair tríd na sléibhte Mhám Toirc le radharcanna iontacha, nochtadh díreach Grianchloichít agus Marmar agus oilithreacht stairiúil

Ní hamháin go múnlaíonn na carraigeacha faoinár gcosa an talamh a bhfuilimid ag maireachtáil air, is iomaí scéal atá le hinsint acu faoi stair fhada gheolaíoch an cheantair agus an domhain trí chéile. Anseo, baineann an scéal le hAigéan Iaipéitis ársa, ó thráth oscailte an Aigéin 700 milliún bliain ó shin nuair a roinneadh for-ilchríoch Róidinia agus nuair a sil-leagadh na dríodair ar a urlár, go dtí gur dúnadh an tAigéan 450 milliún bliain ó shin. Chruthaigh imbhualadh gaolmhar dhá ilchríoch, an Labhráis agus Gonduana, sliabhraon ollmhór agus claochlaíodh na carraigeacha dríodair a bhí foirmithe roimhe sin. I rith na tréimhse 250 milliún bliain seo, cuid d’ilchríoch Labhráis ba ea iarthuaisceart na hÉireann, mar aon leis an Albain, an Ghraonlainn, iarthar Chríoch Lochlann agus oirthuaisceart Mheiriceá (SAM agus Ceanada). Ceiliúradh ar an nasc seo é an Siúlóid Idirnáisiúnta Apaláiseacha, a bhfuil an Slí an Iarthair mar chuid de anois.

Deis atá sa chuid seo de chonair Mhám Éan cos a leagan ar charraigeacha meiteamorfacha, grianchloichít, marmar agus siosta go háirithe. Foirmíodh na carraigeacha seo mar thoradh ar chlaochlú carraigeacha a foirmíodh i bhfad ó shin mar gheall ar theas agus brú suntasach a bhí nasctha le himbhualadh plátaí teicteonacha agus foirmiú sliabhraon ollmhór, na Caladónaigh, tráth a raibh Aigéan Iaipéitis á dhúnadh. Gaineamhchloch ba ea grianchloichít ar dtús, aolchloch ba ea marmar agus láibchloch ba ea siosta. Bhí na dianchoinníollacha mar bhonn le dífhoirmiú na gcarraigeacha freisin i ndiaidh a bhfoirmiú agus tá neart samplaí de ghrianchloichít fhillte le feiceáil ar an mbealach suas go Mám Éan (féach ar an bpictiúr). Tá sliabhraon ársa na gCaladónach creimthe go hiomlán ón uair ar foirmíodh é agus bhíodh na carraigeacha seo neadaithe go domhain sa sliabhraon seo.

Níor tháinig deireadh lenár nasc le Meiriceá Thuaidh ach thart ar 100 milliún bliain ó shin tráth oscailte Aigéan an Atlantaigh Thuaidh. Bunaithe ar na méid atá ar eolas againn faoi láthair, d’eascair dóthain brú ó chéim thosaigh na hoscailte chun cuid de bhuncharraig Iarthar na hÉireann a ardú 700 méadar ar a laghad agus na sléibhte atá le feiceáil againn inniu a chruthú, cosúil le Beanna Beola agus Sléibhte Mhám Toirc. Tá siad seo creimthe ó shin agus múnlaithe ag oighear gluaisteach na n-oighearshruthanna i rith na n-oighearaoiseanna a tharla le 2 mhilliún bliain anuas.

GA