Skip links

355 Million Years Ago

Cúige Chonnacht sna Trópaicí – An Tréimhse Charbónmhar

I ndiaidh na diantréimhse seo de ghníomhaíocht gheolaíoch, bhog mórchríoch na hÉireann ó thuaidh le linn na Tréimhse Carbónmhaire, agus ó thart ar 355 milliún bliain ó shin, bhí sí lonnaithe ag an Meánchiorcal. Bhí coinníollacha uiscí trópaiceacha teo cósta agus éadoimhne, cosúil leis an Mórsceir Bhacainneach sa lá atá inniu ann ó thaobh teochta agus bithéagsúlachta de, i bhfeidhm thar an gcuid is mó d’Éirinn. Go geolaíoch, tá seo le feiceáil le sil-leagan na haolchloiche. Tá aolchloch comhdhéanta de chonablaigh cnámharlaigh agus sliogánacha orgánach agus miocrób éadomhain mara bailithe le chéile mar láib ar a dtugtar micrít. Rinneadh na codanna crua de na horgánaigh seo, amhail a mblaoscanna, a iontaisiú (i.e. rinneadh iad a chlúdach agus rinneadh mianraí díobh) den chuid is mó, agus tá siad le feiceáil go fóill san aolchloch. Nuair a bhreathnaítear ar an gcluichreán iontaisí, táthar in ann coiréalaigh (idir choilíneach agus aonarach), críonóidigh (den teaghlach céanna leis an gcrosóg mhara), bracapóid (a aithnítear lena ndhá bhlaosc neamhshiméadracha) agus gastrapóid (seilidí) a shainaithint.

Tá buncharraig aolchloiche forleathan in Éirinn, i Lár na Tíre go háirithe. Aolchloch atá i mbreis agus 50% de bhuncharraig na hÉireann. Inár réigiún geopháirce, tá buncharraig aolchloiche le fáil san oirthear; cuimsíonn sé Loch Ceara ina iomláin agus an chuid is mó de chladaí agus leapacha locha Loch Measca agus Loch Coirib. Mar gheall ar a flúirsí agus atá sí, tá aolchloch Charbónmhar na hÉireann ar cheann de na príomhábhair tógála le haghaidh ballaí páirceanna agus tithe agus tá an dath uathúil dúghorm uirthi le sonrú i bhfoirgnimh ar fud na tíre ar fad, i mbaile stairiúil Bhaile an Róba san áireamh.

GA