Skip links

AN TÍRDHREACH — OIGHREACH

TÍRDHREACH DHÚICHE SHEOIGHEACH

TÍRDHREACH OIGHREACH

about Joyce Country & Western Lakes Geopark mission

OIGHRIÚ ARDTALÚN

Bhí tionchar suntasach ag na hOighearaoiseanna ar thírdhreach na hÉireann, an Oighearaois dheireanach nár tháinig deireadh léi ach 11,700 bliain ó shin thar aon cheann eile. Thosaigh an sneachta ag cruachadh ar dtús ar thalamh níos airde i loig shléibhe a méadaíodh ar bhealach ciorclach le himeacht ama le bheith ina n-amfaitéatair nó coirí nádúrtha (ciallaíonn an focal Gaeilge “coire” ‘cauldron’), amhail na Deirceanna taobh ó dheas de Thuar Mhic Éadaigh. Sna deirceanna seo, chruach an méid sin sneachta gur athraíodh go hoighear é faoina mheáchan féin agus thosaigh sé ag rith le fána. Chruthaigh na hoighearshruthanna U-ghleannta as a gcoirí, amhail i ngleann Abhainn Bhrain taobh ó dheas de Thuar Mhic Éadaigh, gleann Loch na Fuaiche, gleann Mháma agus Gleann Eidhní, agus bhuail siad le hoighearshruthanna eile ar na machairí chun oighearchlúideanna a chruthú.

about Joyce Country & Western Lakes Geopark mission

De réir mar a d’éirigh an aeráid ní b’fhuaire agus ní ba fhliche, d’aistrigh na hionad oighir in Éirinn go lár na tíre mar chruinneacháin oighir agus clúdaíodh nach mór gach sliabh atá in Éirinn sa lá atá inniu ann, iad siúd i nDúiche Sheoigheach san áireamh, le hoighear. Mar a léirítear le fianaise ó níos faide i gcéin, meastar go raibh an t-oighear 800 m ar tiús ar a mhéad, ach measann samhlacha áirithe ar ríomhaire go bhféadfadh sé a go raibh sé suas le 2000 m ar tiús.

De réir mar a bhog an t-oighear i dtreo na farraige, lean sé air ag gearradh, ag creimeadh agus ag tarraingt méid suntasach dríodar trasna an tírdhreacha. Is iad gaineamhchlocha, comhcheirtleáin, siostaí agus grianchloichítí, ar clocha crua iad atá deacair a chreimeadh, clocha shléibhte ár réigiún tionscadail geopháirce; agus is é cruth múnlaithe an lá inniu a n-oidhreacht oighreach.

OIGHRIÚ ÍSEALTALÚN

I gcodarsnacht leis sin, is cloch níos boige é an aolchloch agus rinneadh gluaiseacht ah oighir í a chothromú agus rinneadh í a chairéalú cuid mhaith freisin. Léiríonn an codarsnacht sa tírdhreach idir ardtailte Dhúiche Sheoigheach agus ísealtailte Lochanna an Iarthair agus Lár na hÉireann na difríochtaí sa bhuncharraig agus sa seasmhacht ar chreimeadh.

Tá roinnt samplaí de dhroimníní (ciallaíonn an focal Gaeilge “droimnín” ‘small ridge’) in ísealtailte ár ngeopháirce freisin. Is téarma idirnáisiúnta oighreach geomoirfeolaíoch é “droimnín” ar dhromanna beaga oighreacha dríodair a sil-leagtar faoin oighearchlúid agus a mhúnlaítear ag a gluaiseacht. Tugtar treo shruth an oighir le fios leis an ais is faide den droim. Tá an-chuid de na droimníní seo le fáil ar an dá thaobh de na lochanna nó mar oileáin sna lochanna, mar atá le feiceáil thart ar an mbruach locha ag an bhFairche.

Ag baint úsáid as comhdhéanamh inmheánach an droimnín, a thugann treo shruth an oighir le fios, agus as stríoca (i.e. marcanna oighir) ar lomáin bhuncharraige, is féidir linn gluaiseacht an oighir a athchruthú. Inár réigiún geopháirce, rith an t-oighear taobh thoir agus taobh thoir theas de na sléibhte i dtreo na lochanna, áit ar chas siad taobh ó thuaidh i dtreo Chuan Mó nó Chuan Chill Ala. Rith oighear isteach i gCuan an Chaoláire Rua freisin, áit a bhfuil sé freagrach as an ngleann ansin a ródhoimhniú agus an fiord a chruthú.

Nuair a leáigh an t-oighear ar deireadh, d’fhág sé roinnt dromanna dríodar ina dhiaidh ar a dtugtar moiréin, a léirigh imill an oighearshrutha nó na hoighearchlúide roimhe seo. Ghlaoití léibhinn chéama ar na moiréin seo uaireanta agus tá dea-samplaí díobh le feiceáil i nGleann na hOirimhe. I réigiún na geopháirce, tá siad le fáil go príomha sna U-ghleannta mar a chúlaigh an t-oighear i dtreo na gcóirí.

D’fheidhmigh cuid de na moiréin seo mar leibhéanna a stop leá-uisce na n-oighearshruthanna ó rith isteach san fharraige agus cruthaíodh lochanna oighreacha dá bharr sin. Mar thoradh ar bhrú an leá-uisce ag bhí ag méadú, bhris na bacainní seo faoi dheireadh agus leis sin, ligeadh don uisce rith i dtreo na farraige agus cuid de na dríodair a bhí á n-iompair aige a sil-leagan. Sil-leagadh na dríodair i struchtúir ar a dtugann geolaithe deilteanna, cosúil leis an gceann ag barr ghleann an Mháma os cionn shráidbhaile an Líonáin. É sin ráite, tarlaíonn draenáil an locha i bhfad níos tapa ná sin uaireanta, agus cruthaítear cainéil ghéara v-chruthacha leá-uisce cosúil leis na cinn ar gach taobh de ghleann an Ghabhláin.

Uaireanta, bhíodh leá-uisce ag rith taobh istigh de na hoighearchlúideanna, agus fúthu, agus dríodair á n-iompair aige ar feadh an bhealaigh. Tá dromanna ísle agus géara gairbhéil ar a dtugtar eascracha (tagann an focal Béarla “esker” ón focal Gaeilge “eiscir” a chiallaíonn ‘droim a roinneann an tírdhreach’) fágtha ina ndiaidh ag na cainéil sin. Tá roinnt samplaí d’eascracha ar fáil taobh thoir agus taobh theas den réigiún geopháirce.

GA