Skip links

GEOSHUÍOMH

PÁBHÁIL AOLCHLOICHE NA FAIRCHE

Pábháil nuanochta d’aolchloch charbónmhar ar bhruach Loch Measca

Cruthaíodh an aolchloch áitiúil le linn na Tréimhse Carbónmhar nuair a bhí Éire suite ar an meánchiorcal, áit a raibh níos mó gnáthóg le huisce trópaiceach te. Cruthaíodh tírdhreach uathúil de thoradh síonchaitheamh a tharla le 10,000 bliain anuas. Ceaptar nach bhfuil roinnt de na gnéithe seo, amhail ‘bolláin ina soicéid’, le fáil áit ar bith eile ar domhan seachas réigiún Loch Measca. Uigeacht síonchaithimh eile a fheictear go minic sa réigiún is ea ‘loigíniú bosca uibheacha’. Is féidir an phábháil aolchloiche a fheiceáil ar an gconair shiúil trí Choillte na Fairche agus is iomaí fianaise iontaise atá ann de bhithéagsúlacht an ama atá thart.

Ba é coillte na Fairche an láithreán taispeána is mó le haghaidh an tionscadail um“Athchóiriú Coillearnaí in Éirinn”, tionscadal nádúir 4 bliana de chuid LIFE an AE comhchistithe ag Coillte, ina ndearnadh obair athchóirithe ar bheagnach 300ha. Tá coillearnach dhúchasach neamhchoitianta go maith mar ghnáthóg in Éirinn, tar éis di a bheith glanta i ndiaidh na mílte bliain de ghníomhaíocht dhaonna. Is gnáthóg an-tábhachtach í d’fhiadhúlra toisc gur tacaíonn sí le go leor speiceas éan, mamach, amhail an cat crainn agus an t-iora rua, inveirteabrach agus éagsúlacht leathan speiceas planda.

GA