Lomán comhcheirtleáin (cloch ghairbhéil) ar thaobh an bhóthair le radharcanna iontacha ar thírdhreach de charraigeacha fillte agus carraigeacha briste. De charraigeacha dríodair, amhail gaineamhchlocha agus comhcheirtleáin, a bhí an ceantar timpeall Aill Dhubh déanta, a cruthaíodh nuair a bhí an t-aigéan ársa ag dúnadh 480 milliún bliain ó shin. Tá an-lomán de na gaineamhchlocha agus comhcheirtleáin sin ar thaobh an bhóthair timpeall Aill Dhubh, mar ar féidir leat doirneoga eibhir dheirg a fheiceáil laistigh de ghnáthdhath (liath) na gcarraigeacha. Comh maith leis sin, tá sraitheanna de luaithreamhán bolcánach a sheasann amach mar aillte dorcha ar fhána an tsléibhe.
GEOSHUÍOMH
TÓGÁIL SLÉIBHTE AILL DHUBH