Skip links

ÁBHAR SUIME

BAILE AN RÓBA, CO MHAIGH EO

Baile tráchtála is e é Baile an Róba (Béarla: Ballinrobe, a chiallaíonn ‘an baile ar bhruach abhainn an Róba’). Suite i gContae Mhaigh Eo in Éirinn, tá 3,600 daoine ina gcónaí ann. Baile satailíte is ea é do Ghaillimh agus do Chaisleán an Bharraigh. Tá sé suite ar abhainn an Róba, agus sileann an abhainn i Loch Measca 2 chiliméadar siar an bhóthair. 3,682 an daonra a bhí ar an mbaile i nDaonáireamh 2011.

Tá níos mó struchtúir faoi chosaint ag Baile an Róba ná aon bhaile eile i gContae Mhaigh Eo. Coinnítear taifid ghinealaigh an réigiúin (amhail Eaglais na hÉireann, an Eaglais Chaitliceach, agus cáipéisí Stáit; agus taifid ar inscríbhinn na leac uaighe) agus an Ionad Taighde Teaghlaigh do Mhaigh Eo Theas ar an bPríomhshráid.

In 1839, bunaíodh Teach na mBocht i mBaile an Róba (Union Workhouse of the Poor Law Union). D’fhulaing an baile go mór le linn an Ghorta Mhóir idir 1845 agus 1849. Le linn an tréimhse ba chruaiche den ghorta, bhí sé plódaithe i dteach na mbocht le 2000 cláraithe ann.

Seans gurb é Charles Boycott (1832-1897) an t-ainm ba mhíchlúití sa dúiche. Tiarna talún ón Bhreatain ba ea Boycott a thug pobal Bhaile an Róba cúl droma dó, is as a ainm féin a thagann an téarma Béarla “boycott”.

I réimse na polaitíochta, chónaigh Noel Browne (1915-1997), an chéad aire rialtais idirpháirtí don tsláinte, ar Lána an tSeipéil le linn a óige. Bhain an easpa cúram réamhbhreithe do mháithreacha torracha agus na rátaí báis naíonán in Éirinn dá uireasa, siar as. Mhol sé go mbeadh rochtain saor in aisce ag máithreacha agus leanaí ar chúraim sláinte trí scéim, “an scéim máithreacha agus leanaí”.

Seoltóir i gCabhlach na Stát Aontaithe ab ea é John King (1865-1938) arb as Corra Buí, Baile an Róba, ó dhúchas dó. B’eisean duine amháin as 19 le bonn onóir na heagraíochta sin (Medal of Honor) a fháil faoi dhó. Ainmníodh an long USS John King (DDG-3) in ómós dó.

Rugadh Henry Blosse Lynch (1807-1873) sa chóngar i dTeach Phartraí agus d’fhás sé aníos ar eastát 1,500 acra a mhuintir. Rinneadh taiscéalaí mór le rá ab é a thaistil chun na hAfraice agus an Mheáin Oirthir, ceannasaí cabhlaigh ab ea é freisin. Maireann Teach Phartraí i gcónaí, é suite ar bhruach Loch Ceara.

Píolóta Liotuánach, ach a rugadh i Meiriceá dó, ab ea é Feliksas Vaitkus (Felix Waitkus) (1907–1956) agus ba é an séú duine leis an Atlantach a thrasnú ina aonair, agus é in aerárthach a raibh inneall singil air. Thuirling sé de thuairt ar imeall Bhaile an Róba in 1935.

Is as Baile an Róba do Courtney Kenny, pianódóir a bhfuil cáil idirnáisiúnta air. I measc go leor saothair eile, chuaigh sé leis an gcompántas ceoldrámaíochta clúiteach Glyndebourne in Sussex, agus ó shin tá obair déanta aige le go leor compántas ceoldrámaíochta sa Bhreatain agus in áiteanna eile. Bhunaigh sé a chompántas ceoldrámaíochta féin ansin agus tháinig an compántas sin go Baile an Róba uaireanta le linn na 1960í. Bhí sé ina cheann ar an bhfoireann ceoil sa sa chompántas New Sadler’s Wells (compántas operetta) i Londain.

Is as Baile an Róba do Rory O’Neill, a bhfuil aithne níos mó air mar “Panti Bliss”, an bhanríon draig cháiliúil. Tá taisteal déanta aige timpeall na cruinne lena thaispeántas, bíonn sé ar teilifís, bhí sé ina óstach ar Alternative Miss Ireland, agus tá sé i bhfeighil club oíche i mBaile Átha Cliath, Pantibar.

Tuilleadh eolais:

www.mayo-ireland.ie/en/towns-villages/ballinrobe/

http://www.historicalballinrobe.com/

Annual Events

GA