Tá Ceathrú na gCon (Béarla: Carnacon) suite ar bhruach Loch Ceara a bhfuil cáil air mar loch flaidireachta. Timpeall an tsráidbhaile, tá líon tithe maorga, liosanna, agus suíomhanna stairiúla agus seandálaíochta, lena n-áirítear an Dún; leithinis seandálaíochta agus roinnt liosanna. Tá teach an phobail, scoil náisiúnta, ionad pobail, siopa grósaera agus dhá theach tábhairne sa sráidbhaile. Thairis sin, tá foireann pheil na mBan sa cheantar, Club Pheil na mBan Cheathrú na gCon. Ba é George Moore a thóg Halla Uí Mhórdha idir 1792 agus 1795. Úrscéalaí ab ea George Moore agus chónaigh sé sa teach mór le John Moore a bhí ina Uachtarán ar Phoblacht Chonnacht, poblacht nár mhair i bhfead. Bhuaigh muintir Uí Mhórdha corn Chester i Sasana in 1846 le capall darbh ainm Coranna. Traenáladh an capall go háitiúil agus úsáideadh an pota óir a bhuadar chun cuidiú leis an bpobal áitiúil le linn an Ghorta Mhóir. Loisc Óglaigh na hÉireann an teach go talamh sna 1920í; tá fothrach an tí measartha slán i gcónaí. Chónaigh muintir de Bláca i dTeach Chnoc an Túir, tiarnaí talún san iarthar ab ea iad. Tháinig bratach Mhaigh Eo ar an bhfód den chéad uair i dtailte an eastáit seo in 1885. Tá muileann an Chluainín ar thailte Chnoc an Túir freisin. Díoladh Cnoc an Túir sna 1940í agus roinn Coimisiún na Talún na tailte i measc feirmeoirí na háite. Tógadh aon cheo fóinteach as an teach. Baineadh an díon de agus tréigeadh an teach. Maireann fothrach an tí i gcónaí. Chónaigh an Ginearál James McDonnell, a bhí ina cheannaire le linn éirí amach 1798, i dTeach Cheathrú na gCon. Tógadh an teach in 1740. Seo an t-aon teach mór nár tréigeadh agus atá faoi úinéireacht theaghlach áitiúil ó na 1950í. Bhunaigh Adam Staunton Mainistir Bhuiríos Ceara in 1298 do Bhráthair Bán na mBráthar Cairmilíteach. Tuilleadh eolais: https://www.mayo-ireland.ie/en/towns-villages/carnacon/carnacon.html ÁBHAR SUIME
CEATHRÚ NA gCON, CO MHAIGH EO