Skip links

GEOSHUÍOMH

TÍRDHREACH CARSTACH CHOILLTE CHONGA

Síonchaitheamh na haolchloiche áitiúla go tírdhreach carstach de phluaiseanna agus áiléir, le huisce Loch Measca á dhraenáil isteach Loch Coirib

Cruthaíodh an aolchloch áitiúil le linn na Tréimhse Carbónmhar nuair a bhí Éire suite ar an meánchiorcal, áit a raibh níos mó gnáthóg le huisce trópaiceach te. Ba de thoradh ar shíonchaitheamh a tharla ina dhiaidh sin a cruthaíodh an tírdhreach carstach a fheicimid inniu. Sruthaíonn Loch Measca isteach Loch Coirib (agus uaidh sin go dtí an fharraige) trí aibhneacha agus tobair faoi thalamh. Tá Pluais Poill Clóiséidín ar cheann de na cainéil seo a iompraíonn an t-uisce faoi thalamh idir an dá loch, agus is féidir é a fheiceáil ar an gconair shiúil trí Choillte Chonga. Ó thaobh shreabhadh an uisce de, is é Tobar Chonga an cúigiú ceann is mó ar domhan. Tá Canáil thráite Chonga, ar de dhéantús an duine é, ann mar fhianaise breise ar a phóiriúla is atá an aolchloch anseo.

GA