Skip links

GEOSHUÍOMH

NA DEIRCEANNA

Coirí oighreata agus U-ghleannta a bhfuil radharc acu ar Loch Measca

Úsáidtear deirc, an Ghaeilge atá ar ‘hollow’, le cur síos a dhéanamh ar lochanna éadoimhne i gcoirí oighreata Ghleann Abhainn Bhrain agus timpeall shléibhte Mhám Toirc. Cuirtear tús le hoighearshruthanna sna coirí: bailíonn sneachta le chéile, athraíonn sé go hoighear, sruthaíonn sé síos an cnoc agus creimeann sé an sliabh ar bhealach ciorclach. Tá an chodarsnacht leis na hísealchríocha aolchloiche an-soiléir ón radharc ó na Deirceanna ar Loch Measca.

GA