Skip links

GEOSHUÍOMH

GLEANN EIDHNEACH & BEANNA BEOLA

Tá Gleann Eidhneach ar cheann de na gleannta oighreata is gleoite sa réigiún idir beanna grianchloichíte Bheanna Beola agus Sléibhte Mhám Toirc.

‘The Twelve Pins’ a thugtar air go minic, tá cuid mhór de Chonamara le feiceáil as Beanna Beola, síos díreach go dtí an cósta. De ghrianchloichíte atá na beanna déanta – mar an gcéanna le Sléibhte Mhám Toirc san oirthear – arb í, an Bhinn Bhán, an bhinn is airde díobh, atá 729m ar airde. Chuir oighearshruthanna na Tréimhse Ceathartha cruth ar na beanna agus gleannta a fheicimid inniu. Tá conair siúil fadraoin Bhealach an Iarthair gar do Shléibhte Mhám Toirc.

GA