Skip links

ÁBHAR SUIME

AN MÁM, CO NA GAILLIMHE

Baile beag is ea an Mám (Béarla: Maam/Maum, a chiallaíonn ‘bearna’) lonnaithe i gConamara, Co. na Gaillimhe. De bharr gur baile Gaeltachta seo (ceantar ina labhraíonn an móramh Gaeilge mar theanga phobail), is é an leagan Gaeilge d’ainm an bhaile an leagan oifigiúil – níl aon seasamh dlíthiúil ag an leagan Béarla, cé go bhfuil sé in úsáid leis na blianta, chomh maith.

Tá an baile suite ó dheas de bhéal an ghleanna Mám, áit a shroicheann sé Loch Coirib; ag an taobh eile, tá an Líonáin ag an gCaoláire Rua. Luíonn an Mám ag airde 20 méadar, idir an áit a shileann abhainn an Mháma, an abhainn is mó sa dá thrian ó dheas den ghleann, isteach in abhainn Bhéal Átha na mBreac agus an áit a ritheann abhainn Fál Mór isteach i mbéal abhainn Bhéal Átha na mBreac ag an taobh ó thuaidh den Choirib. Tá an baile ar imeall cheantar na sléibhte. An chuid is mó de na sléibhte sin, baineann siad le sléibhte Mhám Tuirc. Ceann de na ceantair is fliche in Éirinn é, faigheann an Mám thart faoi 2,500 milliméadar gach bliain.

Tógadh caisleán Normannach ar oileán i Loch Coirib taobh leis an Mám, Caisleán na Circe (féach: https://vimeo.com/72311211). Ón 19ú haois déag, bhí teach cúirte ann (a druideadh in 2004) agus oifig phoist. Thóg innealtóir agus geolaí ó Albain a bhí gníomhach in Éirinn le linn an 19ú céad, Alexander Nimmo, teach ósta sa Mhám in 1820 ar thaobh thoir an droichid. Bhíodh aithne air mar Óstán Mháma do bhlianta ina dhiaidh sin faoi úinéireacht Tiarna Liatroma. Inniu, is teach tábhairne é agus Keane’s Pub an t-ainm atá air.

Tuilleadh eolais: http://www.maamvalley.com/

Annual Events

  • August: Mám Éan pilgrimage
GA