Skip links

ÁBHAR SUIME

AN LÍONÁIN, CO NA GAILLIMHE

Sráidbhaile bheag is ea an Líonán, nó Líonán Cinn Mhara (Béarla: Leenane/Leenaun) atá suite i dtuaisceart Cho. na Gaillimhe ar bhruach theas chuan an Chaoláire Rua (an t-aon fiord in Éirinn) agus ar imeall thuaiscirt Chonamara.

Tá an Líonáin suite ar bhóthar an N59, áit a bhuaileann an R336 leis ón taobh ó dheas. Tá an sráidbhaile suite i ngleann, ar líne Ghleann Máma idir sléibhte Mhuintir Eoghain Thiar agus Mhagairlí an Deamhain/Bhinn Gharbh agus tá radharc dhíreach ar an mBinn Ghorm ar an taobh ó thuaidh, trasna an fhiord. Tá an Líonáin suite ar an mBealach Thiar, conair shiúil fadraoin agus ar bhealach an Atlantaigh Fhiáin. Tá sé ar bhruach theas fhiord an Chaoláire Rua agus tá cuan beag ann freisin.

Tógadh baile an Líonáin ina line ar an mórchuid. Trasnaíonn an tsráid mhór sruthanna éagsúla agus tá droichead mór ann i lár an bhaile a thrasnaíonn abhainn na hOirimhe.

Sa bhaile, tá dhá theach tábhairne, óstán agus dhá theach ósta. Sean-chlochar na Trócaire ab ea ceann amháin de na tithe ósta agus tá seomra bricfeasta anois déanta den séipéal ann. Thairis sin tá caifé, bialann, iarsmalann caora agus olla; a bhfuil a shiopa agus caifé féin aici- Bia Blas, oifig poist, siopa, mar aon le hionad pobail.

Ba sa Líonáin a taifeadadh an mórscannán The Field agus is anseo a bhí drámaí Martin McDonagh suite, The Beauty Queen of Leenane agus The Lonesome West.

Tuilleadh eolais: http://www.leenanevillage.com/

Annual Events

GA