Skip links

DRÍODAIR AGUS GNÁTHÓGA

TÍRDHREACH DHÚICHE SHEOIGHEACH

DRÍODAIR AGUS GNÁTHÓGA

TILLÍ & MÓIN

Shil-leag na hoighearchlúideacha agus na hoighearshruthanna cuid mhór dríodair, a creimeadh ar thalamh ard. Tugtar till ar an dríodar seo agus is meascán é de ghaineamh agus gairbhéal le clocha níos mó (ar a dtugtar clastáin fosta). Ceadaíonn treoshuíomh clastáin d’atógáil shruth an oighir. Tá poill san aolchloch “líonta” cuid mhaith ag an till, rud a ligeann do lochanna agus d’aibhneacha cruthú. An till is ea an bun ar bhailigh ithreacha orgánacha agus ar fhás crainn, féar, agus barra. Tháinig talmhaíocht sa Tréimhse Neoiliteach, agus lonnaigh na chéad fheirmeoirí in Éirinn thart faoi 6000 bliain ó shin, iad ag saothrú barra ar mhaithe le bia. Is gné shuntasach den tírdhreach i gceantar na geopháirce s’againn iad na clastáin sa till; nuair a thosaigh feirmeoirí ag treabhadh a bpáirceanna, bhí orthu cuid mhaith de na clocha seo a bhaint, agus d’úsáid siad iad chun na claíocha cloch a thógáil thart ar a bpáirceanna.

Bíonn a lán fearthainne agus athruithe beaga séasúracha sa teocht in aeráid na hÉireann (is beag lá a bhíonn faoi bhun 0°C agus os cionn 30°C). Suíomh mhórchríoch na hÉireann mar áit amuigh ar imeall an Atlantaigh Thuaidh is cúis leis seo, agus leis an méid beag athruithe in aeráid na hÉireann ó bhí deireadh na hoighearaoise deireanaí ann. Tá fianaise ann gur fhás móin, bailiú plandaí atá leathlofa, in Éirinn le 9,000 bliain, agus i rith an ama sin, den chuid is mó, ní raibh sé ach i bportaigh ardaithe thart ar na lochanna sna mánna. Is cosúil go ndeachaigh an aeráid in olcas thart faoi 4,500 bliain ó shin am éigin i dtreo dheireadh na Cré-umhaoise, agus mar gheall ar níos mó fearthainne agus dífhoraoisiú, lena mbaineann leathadh na talmhaíochta, forbraíodh bratphortaigh ina raibh breis agus 1250 mm fearthainn in aghaidh na bliana. Tá breis agus 40% de cheantar thionscadal na geopháirce s’againn clúdaithe le bratphortach agus tá cuid acu timpeall Loch Measca. Bhí stumpaí ó chrainn atá na mílte bliain d’aois caomhnaithe ag an mhóin, agus feictear iad nuair a dhéantar an mhóin a ghearradh. Déanann daoine móin a ghearradh go háitiúil, gearrtar an mhóin i lomáin, ligtear di triomú, agus úsáidtear í mar ábhar indóite sa teach, agus is nós é seo a rinneadh leis na cianta.

BUNCHARRAIG AOLCHLOICHE DO THALMHAÍOCHT

Is meascán é an ithir ina bhfásann plandaí d’fhásra atá ag lobhadh agus giotaí briste den charraig nó de na dríodair thíos faoi. Mar sin de, bíonn tionchar nach beag ag an bhuncharraig áitiúil ar an ithir áitiúil, go háirithe ar an leibhéal pH (paraiméadar ceimiceach a thomhaiseann aigéadacht an uisce). De réir mar a imoibríonn an t-aigéad san uisce leis an aolchloch, is lú aigéid a bhíonn san uisce a fhágtar le pH níos airde, ar a dtugtar alcaileach. Bíonn tionchar mór aige seo ar na cineálacha plandaí a fhásann san ithir, go háirithe na féara a bhí chomh húsáideach sin d’fheirmeoirí na tuaithe in Éirinn go dtí an lá atá inniu ann. Bhí ceantair a bhfuil aolchloch thíos faoi i gcónaí go breá mar thalamh talmhaíochta, agus dá réir sin, bíonn an daonra níos airde iontu mar bhí ionróirí nua ag iarraidh lonnú iontu. Is fíor seo i gcás an cheantair ar an taobh thoir de na lochanna, a raibh i bhfad ní ba mhó Normannach ann, agus ar fhorbair ionaid mhóra chreidimh (Mainistir Chonga, Mainistir Bhaile an Tobair, Mainistir Inis Meáin, Mainistir an Rois) agus bailte ann (Baile an Róba, Buiríos Ceara) sna Meánaoiseanna.

PÁBHÁIL AOLCHLOICHE

Mar a luadh roimhe, tá go fóill ceantar suntasach i réigiún na geopháirce ina bhfuil an clúdach dríodair tanaí thar an aolchloch, nó nach bhfuil sé ann ar chor ar bith. Ní hamháin go ligeann seo dúinn an tírdhreach carsatch a fheiceáil go soiléir, ach cruthaíonn sé gnáthóga speisialta do phlandaí agus d’ainmhithe sna scoilteanna éagsúla den bhuncharraig. Tugtar gríoga ar na scoilteanna sa bhuncharraig ar phábháil aolchloiche, agus tugtar clinteanna ar an áit chothrom eatarthu. Tá cliteanna chomh nochta sin nach féidir leo mórán rudaí beo a chothú, ach cuireann na gríoga áit the agus fhoscúil ar fáil do phlandaí. Mar a tharla i mBoirinn, faightear speiceas neamhchoitianta ann nach bhfaightear i ngnáthóga eile in Éirinn

LOCH MARLA

Loch marla is ea Loch Ceara, agus ní bhfaightear mórán lochanna den chineál sin in iarthar na hEorpa. Is spruadar é marla de carbónáit chailciam a bhailíonn ar ghrinneall an locha mar gheall ar chianabaictéir. Tá dobharcheantar Loch Ceara, an ceantar óna ritheann an t-uisce isteach chuige, ina luí go hiomlán ar aolchloch charbónmhar. Ciallaíonn seo go ndéantar an t-uisce a thuile i gcarbónáit chailciam tuaslagtha, agus úsáideann na baictéir é ansin. Is féidir é seo a chur i gcomparáid le plaic agus tartar a bhailíonn ar fhiacla daoine mar gheall ar an fhosfáit chailciam i seile.

Bíonn dath bán ar an mharla i loch ísealchothaitheach (ar a dtugtar olagatrófach fosta), agus bíonn an t-uisce glan. Bíonn grinneall bán an locha le feiceáil den chuid is mó mar gheall ar chuach éadomhain Loch Ceara. Ar ndóigh, tugadh Fionn Loch Ceara nó “white lake of Ceara” air ar dtús dá bharr. Téann dath ghrinneall an locha i bhfeidhm ar an solas ar bharr an locha, rud a spreag ealaíontóirí leis na blianta. Tá an loch ina thearmann do speiceas uisceach cosúil leis an Chuil Bhealtaine mar gheall ar an uisce ísealchothaitheach. Tá stádas an locha anois athruithe go méiseatrófach mar gheall ar mhéadú d’ionchur cothaitheach, agus is bagairt é ar chaighdeán an uisce agus ar fhiadhúlra an locha agus na gceantar timpeall air araon.

GA