Skip links

AN GHEOLAÍOCHT NA hÉIREANN

ACHOIMRE

ACHOIMRE AR SCÉAL GEOLAÍOCHTA NA hÉIREANN

Tá stair shaibhir agus éagsúil geolaíochta ag Éirinn ó 1.7 billiún bliain ó shin go dtí an lá atá inniu ann. Rianaíonn geolaíocht na hÉireann oscailt agus dúnadh an Aigéin Iaipéitis, oscailt Aigéan an Atlantaigh Thuaidh, agus teacht le chéile agus aistriú na hÉireann ón Leathsféar Theas go dtí suíomh reatha na hÉireann sa Leathsféar Thuaidh. Tá achoimre gearr thíos ar fhoirmiú na hÉireann trí am geolaíoch ón tréimhse Réamhchaimbriach (thíos) go dtí an tréimhse Cheathartha (barr).

0 - 3 milliún bliain ó shin

Foirmíodh tírdhreach na hÉireann le linn na tréimhse Ceathartha. Is iomaí imeacht oighreach a bhí ann, chríochnaigh an ceann deireanach in Éirinn thart ar 12000 bliain ó shin. Foirmíodh na sléibhte oighear-chruthacha, na gleannta oighrithe agus sil-leaganacha oighreacha na n-eascracha agus na ndroimníní go léir de bharr na n-imeachtaí oighreacha seo. D’fhág na himeachtaí oighreacha seo na bunsraitheanna dár lochanna, uiscebhealaí agus portaigh chomh maith.

3 - 23 milliún bliain ó shin - an Tréimhse Neoigineach
23 - 65 milliún bliain ó shin - an Tréimhse Phailéigéineach

Le linn na tréimhse Pailéigéiní osclaíodh Aigéan an Atlantaigh Thuaidh agus gineadh na carraigeacha bolcánacha agus magmatacha bainteacha. Faightear carraigeacha ón ré Phailéigéineach den chuid is mó in oirthuaisceart an oileáin agus tá siad mar phríomhghnéithe Shléibhte Cuaille, Co. Lú, dingeán fáinneach Shliabh gCuillinn ar theorainn na hÉireann-Thuaisceart Éireann idir Co. Ard Mhacha agus Co. Lú, na Beanna Boirche, Co. an Dúin agus ardchlár Aontroma.

65 - 145 milliún bliain ó shin

Is i dTuaisceart Éireann amháin atá carraigeacha ón tréimhse Chailceach le fáil. D’fhéadfadh sé gur foirmíodh in áiteanna eile ar an oileán iad ach tá siad creimthe ó shin i leith. Tá siad fós feadh chósta Aontroma toisc go bhfuil carraigeacha eile os a gcionn a rinne iad a chosaint. Bhí formhór na hÉireann clúdaithe ag farraige le linn na tréimhse seo agus dá bharr sin is iondúil go mbíonn na carraigeacha seo, aolchloch gheal nó cailc, lán le hiontaisí muirí.

145 - 201 milliún bliain ó shin

Thosaigh ilchríoch Pangaea ag briseadh as a chéile le linn na tréimhse Iúrasaí agus ba thalamh tirim é formhór na hÉireann, seachas an t-oirthuaisceart agus an t-oirdheisceart a bhí ina farraigí éadoimhne. Faightear carraigeacha Iúrasacha den chuid is mó i gcodanna oscailte feadh chósta Aontroma agus tá siad lán le hiontaisí muirí, mar iochtasáir, atá ina reiptílí móra muirí.

201 - 252 milliún bliain ó shin

Bhí Éire mar chuid d’fhásach le linn na tréimhse Triasaí. Sil-leagadh gaineamhchloch rua mhínghráinneach agus sioltachloch le linn na tréimhse seo.

252 - 299 milliún bliain ó shin

Bhí Éire díreach ó thuaidh ón meánchiorcal le linn na tréimhse Peirmí agus ba limistéar íseal tur é. Sil-leagadh gaineamhchloch rua mhínghráinneach ón bhfásach agus comhcheirtleáin níos gairbhe. Tharla timthriallta d’fharraigí éadoimhne agus rátaí arda galaithe i dtreo dheireadh na tréimhse Peirmí. Cuireadh tús le foirmiú oll-ilchríoch Pangaea ag tús na tréimhse seo.

299 - 359 milliún bliain ó shin

Is í buncharraig charbónmhar atá i mbreis agus leath de bhuncharraig na hÉireann. Sa luath-thréimhse Charbónmhar, bhí Éire clúdaithe go tréimhsiúil i bhfarraigí éadoimhne trópaiceacha agus foirmíodh aolchloch lán le hiontaisí. Ina dhiaidh sin, de bharr athruithe i leibhéal na farraige, foirmíodh seascainn, agus mar thoradh air sin, bailíodh ábhar seascainn plandaí agus forbraíodh an gual atá le fáil i gCo. Ros Comáin agus i gCo. Chill Chainnigh.

359 - 419 milliún bliain ó shin

Tá dhá chineál carraigeacha ann atá bainteach leis an Tréimhse Dheavónach in Éirinn - eibhear Caladónach agus an seanGhaineamhchloch Rua. Cuireadh isteach ar an eibhear i gCúige Laighean, i nGaillimh, i nDún na nGall agus san Iúr agus i gcnuasaigh eile le linn na tréimhse ama seo de bharr an méid leá a bhain le fodhuchtú an Aigéin Iaipéitis agus foirmiú na sléibhte Caladónacha. Bhí Éire i ndeisceart na meánleithead faoin am sin. Foirmíodh imchuacha dríodair agus leis an soláthar ard dríodair ó na Sléibhte Caladónacha ó thuaidh, foirmíodh sil-leaganacha móra gaineamhchloiche (Sean-Ghaineamhchloch Rua). Feictear í seo den chuid is mó i gCo. Chorcaí agus i gCo. Chiarraí.

419 - 444 milliún bliain ó shin

Aithnítear an tréimhse seo de bharr sil-leagan méideanna ollmhóra dríodair i dtimpeallachtaí éagsúla talún agus muirí agus gníomhaíocht bholcánach. Dúnadh an tAigéan Iaipéitis go hiomlán le linn na tréimhse Siolúraí agus léirítear é seo sa dríodrú. Tá dríodair Shiolúracha le fáil i gCo. an Longfoirt, Co. an Dúin, Co. na Gaillimhe, Co. Mhaigh Eo agus i gCo. Chiarraí.

444 - 485 milliún bliain ó shin

Bhí an tAigéan Iaipéitis ag dúnadh le linn na tréimhse Ordaivísí, ag tabhairt le chéile iarthuaisceart agus oirdheisceart na hÉireann, chun oileán na hÉireann, mar atá sé inniu, a chruthú. De bharr fhodhuchtú na bplátaí le linn dúnadh an Aigéin Iaipéitis, gineadh bolcáin agus creathanna talún. Ag an tús, bhí screamh aigéanach Iaipéitis fodhuchtaithe faoi screamh ilchríochach, ach faoi dheireadh bhí an screamh aigéanach imithe, agus bhuail na hilchríocha in éadan a chéile. Ó thuaidh, foirmíodh na Sléibhte Caladónacha, agus ceaptar go raibh siad chomh hard leis na Himiléithe comhaimseartha nuair a foirmíodh iad. De bharr láithreacht na Sléibhte Caladónacha méadaíodh an dríodar a bhí á iompar ag na haibhneacha isteach sa bhealach mara deiridh ag an am sin. Rinneadh na carraigeacha dríodair, a sil-leagadh sa tréimhse Réamhchaimbriach, a fhilleadh agus chuaigh siad trí mheiteamorfacht i rith na tréimhse Ordaivisí chomh maith.

485 - 541 milliún bliain ó shin

Le linn na tréimhse Caimbriaiche, foirmíodh aigéan nua, an tAigéan Iaipéitis, agus bhí sé ina theorainn idir dhá ilchríoch: An Labhráis agus Gonduana. Bhí an dá leath d’Éirinn ar an dá ilchríoch; bhí iarthuaisceart na hÉireann ar an Labhráis agus bhí oirdheisceart na hÉireann suite ar Ghonduana. Sil-leagadh carraigeacha ón tréimhse Chaimbriach san fharraige agus uathu siúd a fuaireamar an fhianaise is luaithe ar bheatha i bhfoirm rianiontaisí. Is éard is rianiontaisí ann ná rianta buanaithe nó tolláin bheatha orgánach. Tá carraigeacha Caimbriacha le fáil ar Cheann Bhinn Éadair, Co. Bhaile Átha Cliath, Ceann Bhré, Co. Chill Mhantáin agus i gCo. Loch Garman.

541 - 1000 milliún bliain ó shin - Prótarasóch
541 - 4500 milliún bliain ó shin - Réamhchaimbriach

Tá na carraigeacha is sine in Éirinn 1.7 billiún bliain d’aois agus tá siad le fáil ar Inis Trá Tholl, Co. Dhún na nGall. In Éirinn, rinneadh carraigeacha meiteamorfacha de na carraigeacha go léir ón tréimhse Réamhchaimbriach i rith tréimhse ina dhiaidh sin. Tá carraigeacha ón tréimhse Réamhchaimbriach le fáil in iarthar Chontae na Gaillimhe, Co. Mhaigh Eo, Co. Shligigh, Co. Dhún na nGall, Co. Thír Eoghain, oirthuaisceart Chontae Aontroma, agus i gcodanna beaga de Chontae Loch Garman agus Co. Phort Láirge.

1 : 1,000,000 Bedrock Geological Map of Ireland; a companion to Geological Survey Ireland’s ‘Understanding Earth Processes, Rocks and the Geological History of Ireland’ book by Andrew Sleeman, Brian McConnell and Sarah Gatley.

GA