Skip links

SCÉAL GEOLAÍOCH
RÉIGIÚN GHEOPHÁIRC
DHÚICHE SHEOIGHEACH &
LOCHANNA AN IARTHAIR

CAD AS AR THÁINIG ÁR gCLOCHA

AN GHEOLAÍOCHT ÁR RÉIGIÚN GEOPHÁIRCE

700-540 Milliún Bliain ó Shin

Saolú Aigéin – An Ré Neoprótarasóch

Cuirtear tús lenár scéal geolaíoch 700 milliún bliain ó shin, sa Ré Neoprótarasóch, is é sin an chuid dheireanach den Réamhchaimbriach. Ag an am sin, bhí aon oll-ilchríoch amháin sa Leathsféar Theas, ar a dtugaimid Róidinia anois. Na haon codanna d’Éirinn a bhí mar chuid den ilchríoch sin ná oileán Inis Trá Tholl, amach ó chósta Dhún na nGall; cuid den Mhuirthead i gCo. Mhaigh Eo; agus an ceantar taobh theas de Bhré i gCo. Chill Mhantáin, Ó Cualann san áireamh.

Thosaigh an oll-ilchríoch Róidinia ag scoilteadh óna chéile (i.e. osclaíodh scoilteán go mall agus roinneadh an ilchríoch ina codanna) agus thosaigh aigéan nua darb ainm Iaipéiteas ag oscailt thar ar 590 milliún bliain ó shin. De réir mar a lean an dá bhloc ilchríche ag bogadh óna chéile, bhrúcht magma chun urlár nua aigéin a chruthú agus sil-leagadh dríodair amhail láib, gaineamh, agus gairbhéal agus cruthaíodh aolchloch.

Feicimid clocha den aois seo in Éirinn san oirdheisceart, i gCo. Chill Mhantáin agus Co. Loch Garman; agus san iarthuaisceart i gConamara, tuaisceart Cho. Mhaigh Eo, Co. Shligigh, Co. Thír Eoghain, Co. Dhún na nGall agus Co. Aontroma. Baineann na clocha san oirdheisceart leis an ilchríoch fhairsing ar a dtugaimid Gonduana agus baineann na clocha san iarthuaisceart le hilchríoch ar a dtugaimid an Labhráis.

Tá codanna den Albain (tuilleadh eolais ar an suíomh gréasáin den geopháirc Chruinnell UNESCO Iar-Thuath na Gáidhealtachd), an Ghraonlainn, agus Ceanada Thoir (tuilleadh eolais ar an suíomh gréasáin den gheopháirc roimh aitheantas Cabox) mar chuid den Labhráis agus tá codanna den Bhreatain theas, an t-imeall thoir de Mheiriceá Thuaidh agus iomlán na hAfraice, Meiriceá Theas agus Antartaice mar chuid de Ghonduana.

I réigiún gheopháirc Dhúiche Sheoigheach & Lochanna an Iarthair, tá fianaise ann ar chlocha den aois seo ó Chorr na Móna san iarthar agus ón gCorr i ngleann an Mháma go taobh theas den Teach Dóite. Cuireadh tús lenár gcloch a bhfuil cáil idirnáisiúnta air, marmar Chonamara, mar aolchloch i lár an urláir nua aigéin. Bhíodh Foirmíocht bhog Mharmar Lochanna ghleann an Mháma ina haolchloch agus gaineamh in uiscí éadoimhne an Aigéin óg Iaipéiteas tráth, agus bhíodh barra Shléibhte Mhám Toirc agus Bheanna Beola ina ngaineamh ón ilchríoch a sil-leagadh ar an urláir aigéin seo tráth.

490-360 Milliún Bliain ó Shin

Deireadh Aigéin – Na Tréimhsí Ordaivíseach Go Dtí Dheavónach

Stua oileán bolcánach agus fodhuchtú

Thart ar 100 milliún bliain i ndiaidh a chruthaithe ag tús na tréimhse Ordaivísí (490 go 440 milliún bliain ó shin), thosaigh an tAigéan laipéiteas dá dhúnadh. Bhí fodhuchtú screimhe aigéanaí ina chúis le cruthú stua oileán bolcánach. Leádh an screamh aigéanach fodhuchtaithe i dteochtaí an-ard agus cruthaíodh insní magma go dtí an dromchla, a bhí ina chúis le cruthú bolcán. Analach leis an bpróiseas seo, tá oileáin nua-aimseartha bholcánacha na hÁise Thoir a chruthaítear mar gheall ar chriosanna fodhuchtaithe san Aigéan Ciúin.

D’úsc laibhe bhasaltach, a bhí chomh te le 1200°C, amach go grinneall na farraige agus d’fhuaraigh an t-uisce farraige go tapa í. Tugaimid laibhe adhartach uirthi seo, mar nuair a bhreathnaítear ar an trasghearradh, bíonn na sreabha aonair laibhe cosúil le hadhairteanna carntha. Tá seo le feiceáil ar thaobh an bhóthair i bhFionnaithe, gar do Loch na Fuaiche. Tá adhairteanna aonair le feiceáil, chomh maith le saicíní nó bolgáin gáis. Níos faide ó thuaidh i dTuar Mhic Éadaigh, agus beagán níos óige in aois, tá fianaise ann ar stua bolcánach eile, a cruthaíodh an uair seo ag laibhe ina bhfuil níos mó ábhair ó screamh ilchríochach, ar nós mianraí silice, a bhfuil tuf, ar cloch a dhéantar de luaithreamhán bolcánach é, mar fhianaise air.

Imbhualadh agus ionsá an stua mhagmataigh

Agus an tAigéan Iaipéiteas á dhúnadh go leanúnach mar thoradh ar an bhfodhuchtú, tháinig an dá ilchríoch ársa Labhráis agus Gonduana, agus an stua oileán bolcánach eatarthu, níos gaire dá chéile agus faoi dheireadh, bhuail siad a chéile. Tharla seo idir 475 agus 460 milliún bliain ó shin agus an bhí sé ina chúis le han-chuid dífhoirmiúcháin ar na clocha a sil-leagadh roimhe níos mó ná 200 milliún bliain roimhe seo sa Ré Neoprótarasóch. Claochlaíodh (i.e. athraíodh ó bhun) na clocha seo a bhí ina gclocha dríodracha ar dtús faoi na coinníollacha an-te agus an-bhrúchóirithe ar domhain agus rinneadh clocha meiteamorfacha díobh, amhail siosta, marmar agus grianchloichít. Tá na clocha meiteamorfacha seo le feiceáil ar fud Chonamara thuaidh e.g. Sléibhte Mhám Toirc agus an ceantar idir Mhám agus Corr na Móna. Tá céatadán an-ard den mhianra grianchloiche, arb í ceann de na mianraí níos flúirsí ach níos crua ar Domhan í, i ngrianchloichít. Leis an saintréith seo, bíonn grianchloichít an-seasmhach ar chreimeadh agus is léiriú soiléir air seo iad cruth bheanna nua-aimseartha Bheanna Beola nó Shléibhte Mhám Toirc atá le feiceáil ar an dá thaobh de Loch Eidhneach.

oyce Country & Wester Lakes Geopark, Ireland

Ainmníodh baile fearainn na Cloiche Brice i ndiaidh na spotaí bána grianchloiche atá le fáil i siosta an cheantair, toisc go gciallaíonn sé “the speckled stone” as Gaeilge. Aimsítear Marmar Chonamara a bhfuil cáil idirnáisiúnta bainte amach aige taobh ó dheas den réigiún geopháirce, áit a bhfuil sé á chairéalú le breis agus 200 bliain. Tá tuilleadh samplaí de chineálacha eile marmair le feiceáil ag an gCorr nó Corr na Móna , áit a léiríonn a struchtúr inmheánach fillte na fórsaí ollmhóra a chruthaigh iad. Déantar na clocha meiteamorfacha seo a ghrúpáil faoin téarma Dálriadach, grúpa cloiche a shíneann go Co. Dhún na nGall agus go dtí an Albain agus a bhfuil an bunús céanna leo agus atá acu siúd atá le fáil inár réigiún geopháirce.

Ag an am céanna, tharla dífhoirmiúchán ar scála i bhfad níos forleithne mar thoradh ag an bpróiseas imbhualadh. Filleadh an bhuncharraig ina sliabhraon mór ar a dtugtar na Caladónaigh (ón bhfocal Laidine ar an Albain), a d’fhéadfadh a bheith chomh hard leis na Himiléithe inniu. Thug geolaithe an tOraigineas Grampach ar fhoirmiú an sliabhraoin seo, a ritheann tríd an Albain agus trí Éirinn. Tharla an dífhoirmiúchán mórscála seo go seicheamhach nuair a filleadh an bhuncharraig uair amháin, agus ansin uair amháin eile agus mar sin de. Tá cuid de na fillteacha le feiceáil go soiléir sa tírdhreach go fóill agus is féidir iad a fheiceáil, mar a léirítear leis na radhairc iontacha ar na Beanna Beola ó ghleann Eidhneach nó ar Shléibhte Mhám Toirc ó ghleann an Mháma. Tá an doiciméadú iomlán ar an oraigineas seo ar cheann de na cúiseanna a bhfuil geolaíocht a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta ag baint léi i réigiún gheopháirc Dhúiche Sheoigheach & Lochanna an Iarthair; d’fhéadfaí a mhaíomh gurb é an sampla is fearr ar fud an domhain é den Oraigineas Grampach-Tacanach.

Nuair a bhuail na plátaí ilchríochacha a chéile, leádh clocha ar domhain agus ionsádh magma isteach sa bhuncharraig mar a bhí i seomraí ar a dtugtar plútóin. Tharla na hionsánna bruthacha seo sa screamh ilchríochach, agus cruthaíodh rud ar a dtugtar stua magmatach dá mbarr. Anseo, fuaraíonn magma thar thréimhse fhada ama, agus mar gheall air sin, cruthaítear criostail mhianracha níos mó. Tá na mianraí seo mór go leor chun gur féidir iad a fheiceáil leis an súil féin. Cuireadh na hionsánna bruthacha seo faoin meiteamorfacht freisin, mar a cuireadh na clocha ar ionsádh iad iontu. Seo mar atá don mheiteagabró agus ortanaghas a aimsítear taobh ó dheas de Shraith Salach ag Cnoc Leitir Seanaidh agus taobh ó dheas den Teach Dóite ag Bhóthar Ghleann Trasna.

Ionsá eibhear Uachtar Ard

I dtreo dheireadh an phróisis imbhualadh thart ar 462 milliún bliain ó shin, chruthaigh an chuid dheireanach den ionsá magmatach isteach sa stua magmatach a luadh thuas an t-eibhear thart ar Uachtar Ard. Cosúil leis an gcuid ní ba luaithe d’ionsá an stua mhagmataigh, bhí dátú beacht na n-ionsánna leis na dúile radaighníomhacha i láthair sna mianraí an-úsáideach ar fad do gheolaithe. Go deimhin, chabhraigh ionsá eibhear Uachtar Ard leis na clocha Dálriadacha ar ionsáigh é isteach iontu a dhátú, toisc gur tharla an t-ionsá idir imeachtaí fillte ar leith.

Nascadh Chonamara

Gné de stair gheolaíoch réigiún gheopháirc Dhúiche Sheoigheach & Lochanna an Iarthair a bhfuil spéis ar leith ag gabháil di is ea gur bhog réigiún chloch Dhálriadach Chonamara agus a stua magmatach ina iomláine i gcoibhneas Cho. Mhaigh Eo theas. Mar a pléadh cheana, tá na clocha seo cosúil leis na cinn atá le fáil i gCo. Mhaigh Eo thuaidh nó i gCo. Dhún na nGall. Chun go dtuigfimid na clocha seo, caithfidh gur cruthaíodh iad nuair a bhí sé mar chuid den ilchríoch Labhrásach taobh thiar thuaidh den cheantar ar a dtugtar Co. Mhaigh Eo theas sa lá atá inniu ann. Scaradh an bloc iomlán den chuid eile den Labhráis thart ar 468 milliún bliain ó shin agus rinneadh é a shá (i.e. rinneadh é a bhrú go cliathánach thar chlocha eile) ina dhiaidh sin thart ar 464 milliún bliain ó shin le nascadh ar deireadh san áit a bhfuil sé sa lá atá inniu ann. Glaoitear Sá Mhanainn ar an ngluaiseacht seo, toisc go bhfuil iarsmaí den bhunchloch ar sádh Conamara thairsti ag gobadh amach i gceantar Bhá Mhanainn, taobh ó dheas den Chlochán.

Dríodrúchán Ordaivíseach i gCo Mhaigh Eo

Nocht forbairt an stua oileán bolcánach, a imbhualadh leis an ilchríoch Labhrásach agus cruthú an sliabhraoin Chaladónaigh méid suntasach buncharraige a ndeachaigh an síonchaitheamh i bhfeidhm uirthi; agus is próiseas é atá ar bun go fóill féin. Sil-leagadh réimse leathan dríodair chreimthe i gCo. Mhaigh Eo theas, idir Cuan Mó agus an Caolaire Rua agus ón gcósta go Sliabh Phartraí. Ar na dríodair chreimthe bhí gaineamh nó gairbhéil a sil-leagadh ansin i leapacha abhann, inbhir, uiscí cósta agus uiscí níos doimhne. I ndiaidh an sil-leagain, forshreathnaíodh tuilleadh dríodar os cionn na leapacha dríodair agus tháthaigh an brú forshrathnaithe na dríodair lena chéile chun clocha comhdhlúite a chruthú. Tugtar gaineamhchloch agus comhcheirtleán faoi seach ar na clocha a chruthaítear ó leapacha gainimh agus gairbhéil. Gaineamhchlocha agus comhcheirtleáin atá sna sléibhte Cho. Mhaigh Eo theas de Chnoic Shíofra agus Maol Réidh, sliabhraon Partraí agus Mám Trasna mar atá le feiceáil ag na Déirceanna agus timpeall ar Loch na Fuaiche.

Tá bailiúcháin agus cluichreáin shuimiúla iontaisí i roinnt de na clocha seo. Tá iontaisí tábhachtach chun scéal na beatha ar Domhan a insint dúinn, ach anuas air sin, cuireann siad ar ár gcumas dátú coibhneasta a dhéanamh ar chlocha trí iad a chur i gcomparáid le clocha in áiteanna eile. Go deimhin, tá iontaisí i lomán neamhghnách scealla (cineál sonrach láibchloiche) a sil-leagadh idir dhá shreabhadh laibhe i bhFionnaithe a chuireann ar ár gcumas an stua bolcánach a luadh thuas a dhátú. Thug an fhaisnéis phailé-ointeolaíoch (na cineálacha iontaisí a shainaithníodh i ngach sraith cloiche ar leith) na chéad leideanna do gheolaithe maidir leis an gcaidreamh idir na clocha in iarthuaisceart na hÉireann agus clocha eile de chuid ilchríoch na Labhráise in Albain agus Meiriceá Thuaidh.

 

Neamh-chomhfhoirmeacht Siolúrach

I ndiaidh a gcruthaithe, filleadh clocha dríodracha Ordaivíseacha Cho. Mhaigh Eo theas freisin ag an imbhualadh leanúnach teicteonach a d’fhill na clocha i gConamara. Tá an filleadh soiléir san uillinn a chruthaíonn na sraitheanna éagsúla dríodar atá le feiceáil go fóill sa bhunchloch ar an dá thaobh de Mhám Trasna; níl an uillinn seo mar an gcéanna nuair a bhreathnaíonn tú ar an Sliabh ón oirthear nó ón iarthar. Nílimid cinnte go fóill cá huair go díreach a tháinig deireadh leis an bpróiseas fillidh seo ach tá a fhios againn gur tharla sé sular cruthaíodh na chéad chlocha dríodracha eile inár scéal gheolaíoch, le linn tréimhse ama ar a dtugtar an Siolúrach (440 go 420 milliún bliain ó shin). Tá seo ar eolas againn toisc gur sil-leagadh clocha Siolúracha a raibh teagmháil dhíreach acu le clocha Ordaivíseacha ar uillinn ingearach lena chéile; ciallaíonn sé seo gur bhog an t-imeacht fillte ar a ndéantar cur síos thuas na bunchlocha níos sine sular sil-leagadh dríodair na gcloch níos óige os a gcionn. Nuair a thagann geolaí ar fhianaise den chineál seo allamuigh, tugann siad neamh-chomhfhoirmeacht uirthi agus sainmhíniú ginearálta ar an téarma sin ná bearna sa taifead dríodrach. Is é sin le rá, ciallaíonn neamh-chomhfhoirmeacht go bhfuil fianaise ann gur creimeadh na clocha níos sine roimh shil-leagan na gceann níos óige. An áit is fearr chun seo a fheiceáil inár réigiún geopháirce ná idir mullaí Bhinn Uí Chuinneáin agus na Binne Bige.

Cruthaítear na clocha Siolúracha ó dhríodair a sil-leagadh in uiscí cósta agus uiscí éadoimhne. Bhí leibhéal na farraige go háitiúil ag ardú agus bháigh an fharraige dríodair a nochtadh roimhe, próiseas ar a dtugann geolaithe ‘tairmtheacht muirí’. Tá an comhleantacht clocha dríodraí Siolúraí a fhreagraíonn ar feadh bhóthar Fhionnaithe Chill Bhríde ina léiriú ar an athrú seo ar leibhéal na farraige. Tá gaineamhchloch le feiceáil ar dtús comhfhreagrach le ceantair chósta ina raibh timpeallachtaí ardfhuinnimh, áit a mbíonn próisis toinne agus taoide i gceannas. Ina dhiaidh sin, tá gaineamhchloch shliogánach ann a thugann coinníollacha mara a raibh moilisc ina gcónaí ann le fios. De réir mar a d’éirigh an fharraige ní ba dhoimhne, d’athraigh na coinníollacha go timpeallachtaí ní b’ísealfhuinnimh agus bhí sil-leagan dríodair ní ba mhíne, amhail siolta agus láib, ina saintréithe díobh, agus cruthaíodh sioltachloch agus láibchloch astu ar deireadh. Tá na cluichreáin iontaisí a chaomhnaítear sna clocha áitiúla ón Siolúrach ina bhfianaise ar an mbithéagsúlacht shaibhir a bhí ann thart ar an am sin. Bhí seo mar ábhar ag clúdach sna meáin náisiúnta le déanaí nuair a aimsíodh speiceas nua crosóige mara ón ré sin i dTóin na Lí taobh ó dheas den Líonán ar a dtugtar Crepidosoma doylei, a ainmníodh i ndiaidh a aimsitheoir, an Dr Eamon Doyle, an geolaí reatha do Gheopháirc Dhomhanda UNESCO Bhoirne agus Aillte an Mhothair.

Eibhear Deavónach na Gaillimhe

Nuair a dúnadh an tAigéan laipéiteas faoi dheireadh ag deireadh an Siolúraigh, nascadh an dá chuid d’Éirinn a cruthaíodh ar dtús ar ilchríocha difriúla lena chéile mar aon aonad amháin. Le linn tréimhse ar a dtugtar an Deavónach (420 go 360 milliún bliain ó shin), tharla an-chuid leá go háitiúil a bhí ina chúis le hionsá suntasach magma (dar dáta thart ar 400 milliún bliain ó shin) a fhuaraigh faoin talamh agus a chruthaigh Eibhear na Gaillimhe, atá le fáil ar fud Chonamara theas. Tá sé le feiceáil i dteagmháil le clocha níos sine stua mhagmataigh Chonamara ag Bóthar Ghleann Trasna, taobh ó dheas den Teach Dóite.

Chruthaigh an próiseas tógála sléibhe a thosaigh san Ordaivíseach thart ar 460 milliún bliain ó shin sliabhraon suntasach. In imeacht 100 milliún bliain, áfach, chuaigh fórsaí creimtheacha i bhfeidhm ar an sliabhraon, mar is féidir a fheiceáil sa lá atá inniu ann ag ardchlár Mhám Trasna. Déanta na fírinne, níl i gclocha meiteamorfacha Chonamara agus na clocha Dálriadach ach fréamhacha an tsliabhraoin seo atá imithe as radharc ó shin.

355-300 Milliún Bliain ó Shin

Cúige Chonnacht sna Trópaicí – An Tréimhse Charbónmhar

I ndiaidh na diantréimhse seo de ghníomhaíocht gheolaíoch, bhog mórchríoch na hÉireann ó thuaidh le linn na Tréimhse Carbónmhaire, agus ó thart ar 355 milliún bliain ó shin, bhí sí lonnaithe ag an Meánchiorcal. Bhí coinníollacha uiscí trópaiceacha teo cósta agus éadoimhne, cosúil leis an Mórsceir Bhacainneach sa lá atá inniu ann ó thaobh teochta agus bithéagsúlachta de, i bhfeidhm thar an gcuid is mó d’Éirinn. Go geolaíoch, tá seo le feiceáil le sil-leagan na haolchloiche. Tá aolchloch comhdhéanta de chonablaigh cnámharlaigh agus sliogánacha orgánach agus miocrób éadomhain mara bailithe le chéile mar láib ar a dtugtar micrít. Rinneadh na codanna crua de na horgánaigh seo, amhail a mblaoscanna, a iontaisiú (i.e. rinneadh iad a chlúdach agus rinneadh mianraí díobh) den chuid is mó, agus tá siad le feiceáil go fóill san aolchloch. Nuair a bhreathnaítear ar an gcluichreán iontaisí, táthar in ann coiréalaigh (idir choilíneach agus aonarach), críonóidigh (den teaghlach céanna leis an gcrosóg mhara), bracapóid (a aithnítear lena ndhá bhlaosc neamhshiméadracha) agus gastrapóid (seilidí) a shainaithint.

Tá buncharraig aolchloiche forleathan in Éirinn, i Lár na Tíre go háirithe. Aolchloch atá i mbreis agus 50% de bhuncharraig na hÉireann. Inár réigiún geopháirce, tá buncharraig aolchloiche le fáil san oirthear; cuimsíonn sé Loch Ceara ina iomláin agus an chuid is mó de chladaí agus leapacha locha Loch Measca agus Loch Coirib. Mar gheall ar a flúirsí agus atá sí, tá aolchloch Charbónmhar na hÉireann ar cheann de na príomhábhair tógála le haghaidh ballaí páirceanna agus tithe agus tá an dath uathúil dúghorm uirthi le sonrú i bhfoirgnimh ar fud na tíre ar fad, i mbaile stairiúil Bhaile an Róba san áireamh.

300-66 Milliún Bliain ó Shin

An 300 Milliún Bliain Seo Caite – I nDiaidh na Tréimhse Carbónmhaire

Níl aon taifid chloiche inár réigiún geopháirce le haghaidh an 250 milliún bliain ina dhiaidh sin. Tá a fhios againn ó cheantair eile in Éirinn gur lean an mhórchríoch ag bogadh ó thuaidh, i ndiaidh mórchríoch eile ar a taobh ó dheas a bhuaileadh, a spreag roinnt dífhoirmiúcháin ar an mbuncharraig agus ardú fhormhór mhórchríoch na hÉireann go leibhéal ní b’airde ná leibhéal na farraige mar a bhí ag an am sin. Toisc gur gnách le formhór na dríodar luí agus bailiú in imchuacha, amhail grinneall na farraige, chiallaigh ardú mhórchríoch na hÉireann os cionn leibhéal na farraige gur bheag dríodar a sil-leagadh in Éirinn le linn an 250 milliún bliain seo.

Ó thaobh na teicteonaice de, ba é an chéad mhórimeacht eile a taifeadaíodh sa réigiún geopháirce oscailt an Aigéin Atlantaigh thart ar 65 milliún bliain ó shin, ag deireadh na Tréimhse Cailcí agus tús na Tréimhse Pailéigéiní. Cuireadh tús leis seo le tanú na screimhe ilchríochaí agus oscailt scoilteanna ina dhiaidh sin.

Cruthaíodh méirscrí sa bhuncharraig agus “stopadh” iad le hionsánna srianta magma inár réigiún geopháirce, mar a léiríonn an tsail dolairíte ar bharr Shliabh Phartraí ag Droim Chagaidh. Meastar anois go bhfuil an ghníomhaíocht scoilte seo a scar Éire ón nGraonlainn agus Meiriceá Thuaidh freagrach as cruthú na sléibhte a fheicimid sa lá atá inniu ann in iarthar na hÉireann. Tá píosa gaineamhchloiche Carbónmhaire atá níos sine ná aolchloch Charbónmhar na hÉireann ar bharr ardchlár Mhám Trasna, atá 400 m os cionn leibhéal na farraige. Tá an ghaineamhchloch chéanna le fáil freisin ar domhain 300 m faoin dromchla thart ar an bhFairche. Tugann sé seo le fios gur ardaíodh na clocha taobh thiar de Loch Measca agus Loch Coirib thart ar 700 m. Tharlódh seo nuair a bhrúigh leathadh luath na screimhe aigéanaí an dá mhórchríoch óna chéile, imeacht a sháinneodh bloic bhuncharraige in aghaidh a chéile go háitiúil i spás teoranta agus a bhrúfadh in airde iad.

66 Milliún Bliain ó Shin go dtí an Lá Inniu

Éire faoin Oighear

Is dócha gur sil-leagadh tuilleadh dríodar os cionn na buncharraige atá le feiceáil againn sa lá atá inniu ann le linn an chuid is mó de na tréimhsí Pailéigéineacha agus Neoigineacha (66 milliún bliain ó shin go dtí an lá inniu). Bíodh sin mar atá, sa chuid mó d’Éirinn, ní féidir linn taifead ar dhríodair a aimsiú ach ón 30,000 bliain seo caite. An phríomhchúis leis an easpa taifid seo ná na hoighrithe fairsinge a tharla ar fud na hÉireann le linn dheireadh na tréimhse geolaíche is déanaí, an Ceathartha, a thosaigh 2.6 milliún bliain ó shin. Agus an aeráid dhomhanda ag fuarú, mar a léirítear le taifid chroíleacáin dríodair mara agus, níos tábhachtaí fós, le taifid chroíleacáin oighir, forbraíodh oighearchlúideacha fairsinge ag leithid ní b’airde. D’fhreagair na hoighearchlúideacha seo d’fhórsáil aeráide, ina raibh timthriallta de thréimhsí oighreacha agus idiroighreacha, agus coinníollacha ní ba theo nó measartha fiú sa dara cás acu.

Tá na timthriallta seo socraithe le leanúint ar feadh thart ar 100,000 bliain ar fad agus tréimhse ghearr idiroighreach ann, i gcomparáid leis an tréimhse oighreach.

Níl ach fíorbheagán eolais againn faoin oighriú leathdheireanach in Éirinn, ach tá an-chuid eolais againn faoi gceann deiridh, a bhí ab fhairsinge le linn na hUasmhéide Oighrithe Deiridh, thart ar 24,000 go 21,000 bliain ó shin. Sil-leagadh méideanna suntasacha dríodar faoi na hoighearchlúideacha agus tá siad le haimsiú ar fud na hÉireann. Tugtar till oighreach ar na dríodair seo agus tá dríodair de mhéideanna éagsúla iontu, idir láib agus siolta agus ghaineamh agus bholláin fiú. Is féidir na mórbhloghanna cloch seo a lua le réigiún a mbunúis agus cuireann siad ar chumas geolaithe gluaiseacht an oighir a rianú. Aimsíodh dromanna dríodracha gainimh agus gairbhéil a mharcálann imeall agus achar na n-oighearchlúideacha ar an scairbh mhuirí easchósta, suas le 150 km amach ó chósta na hÉireann mar atá inniu. Tá fianaise ann ar shíonchaitheamh fairsing ar bhuncharraig shléibhte na hÉireann agus níl ach cúpla ceantar thart ar chuid de na beanna ina bhfuil dríodair scaoilte fágtha in situ (ar a dtugtar blocmhánna). D’iompaigh an t-oighear ag gluaiseacht gach dríodar eile ar shiúl. Léiríonn an fhianaise seo gur chlúdaigh an t-oighear, ar a fhairsinge, Éire ina hiomláine agus an chuid is mó de na sléibhte (gan ach beanna beaga ag gobadh amach os cionn an oighir) agus gur shín sé suas le 150 km amach ón gcósta. Chreim an oighearchlúid dheiridh seo an bhuncharraig, mhúnlaigh sí an tírdhreach agus d’iompaigh sí méid ollmhór dríodar amach ón gcósta.

GA