Skip links

GEOSHUÍOMH

BAILE AN RÓBA STAIRIÚIL

Baile margaidh meánaoiseach a bhunaigh na Normannaigh agus a tógadh le haolchloch áitiúil

Ba sa 13ú haois le linn Choncas na Normannach a céadbhunaíodh Baile an Róba. Thángthas ar shéadchomharthaí agus láithreacha a théann siar go dtí an Aois Neoiliteach agus an Chré-umhaois freisin, chomh maith le hiarsmaí d’eaglaisí agus tithe baile mhóir ón Luathré Chriostaí agus na Meánaoiseanna. Is lárionad den scoth é Baile an Róba – áit ónar féidir turas a dhéanamh timpeall na geopháirce agus ónar féidir cuairt a thabhairt ar Ghaillimh (turas 40 nóiméad), Caisleán an Bharraigh (turas 20 nóiméad) agus Cathair na Mart (turas 30 nóiméad).

GA