Skip links

ÁBHAR SUIME

UACHTAR ARD, CO. NA GAILLIMHE

Baile beag ar bhruacha abhainn an Chnoic is ea Uachtar Ard (Béarla: Oughterard, a chiallaíonn ‘airde ar uachtar na habhann’). Tá an baile cóngarach do bhruach thiar Loch Coirib i gCo. na Gaillimhe.

Baile beag ar bhruacha abhainn an Chnoic is ea Uachtar Ard (Béarla: Oughterard, a chiallaíonn ‘airde ar uachtar na habhann’). Tá an baile cóngarach do bhruach thiar Loch Coirib i gCo. na Gaillimhe. Bhí daonra 1,305 ag an mbaile in 2006. Tá sé suite 26 ciliméadar thiar thuaidh ó chathair na Gaillimhe ar bhóthar an N59 agus príomhionad iascaigh Loch Coirib is ea é. Cuirtear Tá an baile ar thairseach Chonamara agus mar sin de, cuireadh an Gateway to Connemara air i mBéarla.

Trí chiliméadar ón mbaile féin, tá fothracha Chaisleáin Achadh na nIúr, sampla deas caomhnaithe de thúrtheach Normannach is ea iad. Ba le clann Uí Fhlaithearta formhór an cheantair máguaird go dtí gur ghlac Walter de Burgh, chéad iarla ar Ulaidh, seilbh ar na tailte in 1256. Tá Caisleáin an Rosa suite cúpla ciliméadar lasmuigh de bhaile Uachtar Ard freisin. Thóg clann Uí Mháirtín an Teach Mór, atá fós infheicthe inniu, sa 17ú céad. Ach fós féin tá fianaise ann i gcónaí den bhunstruchtúr a bhí ar an suíomh roimhe sa dúshraith, caisleán a thóg clann Uí Fhlaithearta sa 15ú céad (féach https://vimeo.com/72311211). Tá cúrsa gailf lonnaithe laistigh de thailte Chaisleáin Rosa.

Tá droichead cáiliúil suite 8 gciliméadar siar ó Uachtar Ard, síos bóthar na Léime. Cuirtear droichead an fhir chiúin (Quiet Man Bridge) air, mar gur anseo a taifeadadh an scannán cáiliúil The Quiet Man sna 1950í in éidí le John Wayne agus Maureen O’Hara.

Also close to Oughterard, the Glengowla Mines (abandoned in 1865) are noted for their rare octahedral crystals of fluorite and quartz. They are now accessible through guided tours.

Osclaíodh stáisiún traenach Uachtar Ard ar an 1 Eanáir 1895 agus druideadh ar an 29 Aibreán 1935 é. Téann busanna tríd an bhaile go dtí Gaillimh agus an Clochán go laethúil ag baint úsáide as bóthar an N59.

Tuilleadh eolais: http://www.discoveroughterard.com/

http://www.oughterardheritage.org/

Annual Events

GA