Skip links

ÁBHAR SUIME

LOCH EIDHNEACH, CO NA GAILLIMHE

Ceann de locha is áille i gConamara is ea Loch Eidhneach (Béarla: Lough Inagh, a chiallaíonn ‘Loch an Eidhneáin’). Tá sléibhte Mám Tuirc agus na Beanna Beola mórthimpeall air, ar gach uile thaobh.

Ceann de locha is áille i gConamara is ea Loch Eidhneach (Béarla: Lough Inagh, a chiallaíonn ‘Loch an Eidhneáin’). Tá sléibhte Mám Tuirc agus na Beanna Beola mórthimpeall air, ar gach uile thaobh.

Tá dhá loch; Doire an Chláir agus Eidhneach suite i nGleann Eidhneach agus feictear na Beanna Beola taobh thiar díobh agus sléibhte Mám Tuirc an taobh thoir. Tá dhá abhann ghearr ann a thagann le chéile agus tá ceithre raoin iascaireachta iontu, áit gur féidir teacht ar na héisc seo a leanas; ríbhradán, bradán fiáin, breac geal agus breac donn mór dúchasach. Tá trí céanna iascaireachta fada ann ó tógadh amach i Loch Doire an Chláir d’iascaigh. Níl aon bhád ar an loch, mar sin de, déantar an t-iascach ó na céanna agus ar bhruacha an locha. Déantar flaidireacht amháin ar Loch Eidhneach agus is iad na gnáthuaireanta iascaigh 09:30 go dtí 19:00. Déantar malartú idir na raonta iascaireachta ar bhonn leath lae. Bíonn compord corpartha ann d’iascaigh ó gach aoisghrúpa agus de gach cineál aclaíochta, ar nós na bruacha pioctha bearrtha agus na botháin iascaigh compordacha.

Sráidbhaile beag is ea Sraith Saileach (Béarla: Recess) suite ó dheas de Ghleann Eidhneach ar bhóthar an N59. Tá Sraith Saileach suite ar bhruach theas an locha Gleann Dá Locha, loch álainn. Tá cáil ar Shraith Saileach don iascach agus tá cáil idirnáisiúnta ar an áit de bharr na gcairéal marmar Conamara. Is féidir teacht ar na cairéil mharmair ag bun na sléibhte sa cheantar.

There is a Shrine to St. Patrick over the Maamturks overlooking the village called Mámean (Mám Éan), people take the pilgrimage walk on the first Sunday of August every year. The pass to the shrine is a part of the Western Way..

Duine cáiliúil a chónaigh sa cheantar ab ea Seán Lester, an Rúnaí Ginearálta Deiridh a bhí ag Conradh na Náisiún. Chónaigh sé sa dúiche i ndiaidh dó dul ar scor go dtí gur cailleadh é in 1959. Bhí stáisiún traenach Shraith Saileach suite ar an líne idir Gaillimh agus an Clochán agus bhí sé mar chuid de Mhórbhóthar Iarainn an Iarthair is Lár Tíre (MGWR). Osclaíodh an líne ar an 1 Iúil 1895 agus druideadh ar an 29 Aibreán 1935 í.

Annual Events

GA